Aneas

Iris bhliantúil atá tiomnaithe don gcuid is fearr de litríocht chomhaimseartha na Gaeilge

Iris bhliantúil atá tiomnaithe go hiomlán don chuid is fearr de litríocht chomhaimseartha na Gaeilge í Aneas a tháinig amach sa bhliain 2020 den chéad uair. Belles lettres as Gaeilge an fotheideal. Dar le lucht a foilsithe is iris í a léiríonn go bhfuil neart, ealaín, pléasúr agus tathag ag baint le litríocht na teanga sinseartha in Éirinn. Is é an file Simon Ó Faoláin atá ina eagarthóir ar an iris.

Infotaula de publicacions periòdiquesAneas
Cineáltréimhseachán
Cárta innéacs
Teangaan Ghaeilge

Laistigh dá clúdach, geobhair filíocht, gearrscéalta agus léirmheasanna doimhne ó na scríbhneoirí is fearr atá ag saothrú na Gaeilge inniu, idir óg is aosta.

Is é an mana eagarthóireachta a leagadh amach don iris, thar aon rud eile, ná caighdeán ard scríbhneoireachta. Tá an caighdeán ard seo bunaithe go daingean leis an gcéad eagrán seo d'Aneas, agus an t-iomlán leagtha amach i stíl deartha atá lom, ealaíonta. Tá trí cinn d'eagráin tagtha amach go dtí seo.


Tagairtí cuir in eagar

Naisc sheachtracha cuir in eagar