Is dealbh chré-umha é Anna Livia atá suite i bPáirc Acra na gCraipithe i mBaile Átha Cliath. Bhí sé suite ar Shráid Uí Chonaill idir 1988 agus 2001.[1]

WD Bosca Sonraí Foirgneamh
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
Anna Livia
Íomhá
Sonraí
CineálLeacht cuimhneacháin
EalaíontóirÉamonn O'Doherty
Tréith
Déanta ascré-umha
Suíomh geografach
Limistéar riaracháinStáisiún Heuston, Éire
Map
 53°20′52″N 6°17′25″W / 53.3477°N 6.2903°W / 53.3477; -6.2903

Cúlra cuir in eagar

Ba é an dealbhóir Éireannach Éamonn O'Doherty a dhear an dealbh.[2] Choimisiúnaigh an fear gnó Michael Smurfit é i gcuimhne ar a athair, mar chuid de cheiliúradh Mhílaois Bhaile Átha Cliath in 1988.[3]

Is pearsantú ar an Life é. Tagann an t-ainm Anna Livia ó charachtar sa leabhar Finnegans Wake le James Joyce darb ainm Anna Livia Plurabelle a bhí ina pearsantú ar an abhainn freisin. Nuair a bhí an dealbh ar Shráid Uí Chonaill, léiríodh an abhainn mar bhean óg ina luí ar fhána le huisce ag sreabhadh uirthi. Thug muintir Bhaile Átha Cliath an leasainm “Floozie in the Jacuzzi” uirthi,[1][4] leasainm ar thacaigh an dealbhóir leis.[5]

Baineadh an dealbh anuas óna shuíomh ar Shráid Uí Chonaill in 2001 chun áit a réiteach do Thúr Solais Bhaile Átha Cliath. I mí Feabhra 2011, athlonnaíodh an dealbh go Páirc Chuimhneacháin Acra na gCraipithe in aice leis an Life, i ngar do stáisiún Heuston.[4]

Gailearaí cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. 1.0 1.1 New home for Dublin's 'Floozy'”. BBC News (24 January 2006). Dáta rochtana: 5 Meitheamh 2009.
  2. Colin Coyle (22 Feabhra 2009). “Dublin’s ‘floozie’ still out in the cold”. Sunday Times. Dáta rochtana: 5 June 2009.
  3. James O. Jackson (27 Márta 2001). “Dublin: From Boom to Busts”. Time. Cartlannaíodh an bunleathanach ar April 2, 2011. Dáta rochtana: 5 June 2009.
  4. 4.0 4.1 Allison Bray (25 Feabhra 2011). “Dubliners re-Joyce at return of the Floozie”. Irish Independent. Dáta rochtana: 25 February 2011.
  5. Éamonn O'Doherty”. Visual Arts Cork. Dáta rochtana: 12 February 2012.