Anna Maria Lenngren
Bhí Anna Maria Lenngren, née Malmstedt (18 Meitheamh 1754 – 8 Márta 1817) ar dhuine de na filí ba cháiliúla i stair na Sualainne . Filí ab ea a hathair agus a deartháir freisin.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 18 Meitheamh 1754 Uppsala, An tSualainn |
Bás | 8 Márta 1817 62 bliana d'aois Paróiste Klara, An tSualainn |
Siocair bháis | Bás nádúrtha (Ailse bhrollaigh) |
Áit adhlactha | Klara Church (en) , Gravsten #66536 |
Áit chónaithe | Stócólm |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Filíocht agus litríocht |
Gairm | file, salonnière, aistritheoir, scríbhneoir |
Ball de | |
Teangacha | An tSualainnis |
Teaghlach | |
Céile | Carl Peter Lenngren |
Athair | Magnus Brynolf Malmstedt |
Ceann de na dánta is cáiliúla dá cuid ná Några ord till min kära dotter, ifall jag hade någon (" Comhairle do m'iníon dhil, dá mbeadh ceann agam "). Scríobh sí freisin ar chóras aicmeach na Sualainne sna dánta aoracha i gcoinne na mórluachachta Hans nåds morgonsömn (" Suan maidine a Ghrásta") agus Grevinnans besök (" Cuairt na Cuntaoise ").
Saol
cuir in eagarLuathshaol
cuir in eagarRugadh Anna Maria Lenngren in Uppsala mar iníon an fhile Magnus Brynolf Malmstedt (1724 -1798), (1724–1798), ollamh le Laidin in Ollscoil Uppsala, agus Märta Johanna Florin (r. 1788). Bhí a hathair ina bhall den Eaglais Mhorávach agus bhí clú air as a chuid oibre sóisialta; ó 1772, d'óstáil sé scoil do pháistí bochta ina theach. D’fhoilsigh a beirt tuismitheoirí iomainn, agus scríobh a deartháir Johan Magnus (1749–80) dánta saolta..
Chuaigh Anna Maria Lenngren in aghaidh an chreidimh agus i bhfabhar réalachas na hEagnaíochta mar nár thaitin mothúcháin paiseanta creidimh a hathar léi; ach tá a daonnachas agus a paisean don cheartas sóisialta curtha i leith tionchar a hathar freisin. [1] Ina tuairimí sóisialta, bhraith sí comhbhrón leis na haicmí oibre, chuir sí i gcoinne phribhléidí na huaisle agus d'fheidhmigh sí mar urlabhraí ar an "tríú eastát", ag idéalú stíl stíl bheatha shimplí umhal. [1]
Bhreathnaigh a hathair a tallann go luath, agus luaigh sé gur mhian leis “ní hamháin bean liteartha, ach bean léannta” a dhéanamh di. [1] Thug sé ardoideachas di, agus fuair sí teagasc sa bhaile i Laidin agus i gClasaicí na seanaimsire. [1] Ba é Horáit an file ab ansa léi. [1]
Gairm bheatha luath
cuir in eagarChuir sí tús lena gairm sa bhfilíocht le léirmheasanna, eiseamláirí, eipeagraim agus aistriúcháin sna 1770idí. I measc na saothar is luaithe dá cuid bhí léirmhínithe ar Horáit, a foilsíodh gan ainm sa phreas. [1] Sa bhliain 1772, d'fhoilsigh sí a céad dán faoina hainm féin, an dán sochraide På mademoiselle Anna Lovisa Pahls saliga hemfärds dag, den 14 Maji 1772, die Corona. Sna blianta 1774-77, scríobh sí go minic do pháipéar Anna Hammar-Rosén, Hwad Nytt?? Hwad Nytt?? Hwad Nytt?? Hwad Nytt??.
Sa bhliain 1776 choimisiúnaigh Diúc Carl , deartháir Rí na Sualainne, í le haghaidh aistriúcháin ar mhion-cheoldráma na Fraince Lucile, an chéad operetta Francach a aistríodh go Sualainnis. Ina réamhrá, chosain sí ceart na mban chun oibre intleachtúil. [1] D’éirigh lleis: bhronn an Bandiúc ríoga Charlotte clog órga ar Lenngren mar chomhartha buíochais, agus thug an Teach Ríoga roinnt coimisiúin aistriúcháin den chineál céanna di.
D’éirigh thar barr le Lenngren: cheana féin sa bhliain 1774, ionduchtaíodh í isteach i sochaí liteartha in Uppsala, cuireadh ionduchtú í i sochaí liteartha in Uppsala, thuill sí léirmheasanna maithe agus ómós filata sa phreas, bhí cáil uirthi mar chosantóir na mban intleachtúil, agus thagair sí di féin mar “litterata”. [1] Rinneadh ball de Chumann Ríoga na nEolaíochtaí agus Litreacha in Gothenburg i 1775, agus den Utile Dulci i 1779. [2] Bhí sí ar dhuine den triúr ban a bhí ina mbaill den Utile Dulci, agus ba iad Anna Charlotta von Stapelmohr agus Anna Brita Wendelius na cinn eile. [2] Sa bhliain 1777, d'éiligh sí i bhfabhar ceart na mban chun caitheamh aimsire intleachtúla i Thé - conseillen.rinne sí a héileamh arís i bhfabhar ceart na mban chun chun obair intleachtúill i Thé-conseillen . [1]
Saol pósta
cuir in eagarSa bhliain 1780, phós sí an t-oifigeach Carl Peter Lenngren (1750-1827). Bhí sé ina phríomheagarthóir ar Stockholms-Posten, a d’fhoilsigh an file agus léirmheastóir cáiliúil Johan Henric Kellgren agus é féin. D’oibrigh Kellgren le Lenngren ar roinnt tascanna ó 1778 ar aghaidh, ag tabhairt inspioráide di, agus ag roinnt suime i smaointe Voltaire . [1] D’fhoilsigh sí dánta agus prós in Stockholms-Posten ó 1778 ar aghaidh, ach tar éis a pósta, d'fhoilsigh sí gan a hainm a lua, agstopadh ar fad faoi dheireadh na 1780í.
Naisc sheachtracha
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ 1.00 1.01 1.02 1.03 1.04 1.05 1.06 1.07 1.08 1.09 Ní mór duit title = agus url = a shonrú nuair a úsáideann tú {{Teimpléad:Cite web-en}}.Magnus von Platen. “” (sv). Svenskt biografiskt lexikon. Dáta rochtana: November 17, 2015. Earráid leis an lua: Invalid
<ref>
tag; name "lexikon" defined multiple times with different content - ↑ 2.0 2.1 Ann Öhrberg (2010). ""Fasa för all flärd, konstlan och förställning" Den ideala retorn inom 1700-talets nya offentlighet" (as sv). Samlaren 131 (5): 38–85.