Bhí Anraí IV (13 Nollaig 1553 - 14 Bealtaine 1610) ina rí ar an bhFrainc ó 2 Lúnasa 1589 go dtí 14 Bealtaine 1610, nuair a feallmharaíodh é. Ba é an ar éirigh leis deireadh a chuir leis na cogaí reiligiúnacha sa Fhrainc, chomh maith le deireadh a chur leis an ngéarchéim chomharbais a bhí ar siúl, nuair a thiontaigh sé ina Chaitliceach le teacht i gcoróin.

Anraí IV na Fraince
Rí na Fraince agus Navarre
HenriIV.jpg
Réimeas 2 Lúnasa 158914 Bealtaine 1610
Dáta breithe 13 Nollaig 1553
Áit bhreithe Pau, An Fhrainc
Dáta báis 14 Bealtaine 1610
Áit bháis Páras, An Fhrainc
Réamhtheachtaí Anraí III
Comharba Louis XIII
Rítheaghlach Bourbon
Céile Maighréad na Fraince (1553 – 1615)
Marie de' Medici (1573 – 1642)
Forógra Nantes

Chuir sé Forógra Nantes i bhfeidhm sa bhliain 1598, rud a bhronn saoirse reiligiúnach áirithe ar Phrotastúnaigh na Fraince agus a réitigh ceist an chreidimh sa Fhrainc ar feadh tamall áirithe.

Anraí IV luí faoi ghradam stáit,le Alexandre Hesse (19ú haois)

GinealachCuir in Eagar

Ba é an chéad rí de shliocht Bourbon agus bhí a shliocht ina ríthe ar an bhFrainc go leanúnach go dtí Réabhlóid na Fraince.

FeallmharúCuir in Eagar

Ar 14 Bealtaitne 1610 fuair Anraí IV bás de bharr a sháite; d’ionsaigh díograiseoir creidimh, Caitliceach fanaiceach, é.

Féach freisinCuir in Eagar

Naisc sheachtrachaCuir in Eagar

  • An pictiúir "Cuairt Bhanríon Shéaba ar Sholamh Rí le Lavinia Fontana". Is cosúil go bhfuil an pictiúr seo bunaithe ar eachtra a thit amach in 1600, tráth a thaistil Diúic Mantua trí Bologna ar a mbealach go dtí bainis i bhFlórans, áit a raibh a mbean ghaoil Maria de’ Medici le pósadh ar anraí IV na Fraince.[1]

TagairtíCuir in Eagar

  1. "Cuairt Bhanríon Shéaba ar Sholamh Rí le Lavinia Fontana" (ga). National Gallery of Ireland. Dáta rochtana: 2021-05-14.