Anselme Payen

ceimiceoir Francach

Ceimiceoir Francach ab ea Anselme Payen (6 Eanáir 1795 – 12 Bealtaine 1871) a raibh aithne air as an einsím diastáis, agus an charbaihiodráit ceallalós a fhionnadh.

Infotaula de personaAnselme Payen

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith6 Eanáir 1795
Páras, An Fhrainc Cuir in eagar ar Wikidata
Bás12 Bealtaine 1871
76 bliana d'aois
Páras, An Fhrainc Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síÉcole polytechnique Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Réimse oibreCeimic
Gairmceimiceoir, matamaiticeoir, bithcheimiceoir, fisiceoir, luibheolaí Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
TeangachaAn Fhraincis
Saothar
Saothar suntasach
Giorrúchán luibheolaíochtaPayen
Gradam a fuarthas

Beathaisnéis cuir in eagar

Rugadh Payen i bPáras. Thosaigh sé ag staidéar na heolaíochta lena athair nuair a bhí sé 13 bliana d’aois, agus ina dhiaidh sin rinne sé staidéar ar Cheimic ag an École Polytechnique faoi na ceimiceoirí Louis Nicolas Vauquelin agus Michel Eugène Chevreul.

Ag 23 bliana d’aois, tháinig Payen chun bheith ina bhainisteoir ar mhonarcha scagtha bóráis, áit ar fhorbair sé próiseas chun bóráis a shintéisiú ó shóid agus aigéad bórach. Roimhe seo, bhí an bórás uile iompórtáilte ó na hIndiacha Thoir ag na Dúitsigh go heisiach. Lig modh nua Phayen chun an bhóráis a shintéisiú dó an mianra a dhíol ar aon trian den phraghas reatha, agus monaplacht na nDúitseach a bhriseadh.

D’fhorbair Payen próisis freisin chun siúcra a bheachtú, mar aon le bealach chun stáirse agus alcóil ó phrátaí a bheachtú, agus modh chun nítrigin a thomhais. Cheap Payen eiseadathmhéadar, a dhéileáil le hanailís, eiseadathú, tuaradh, agus criostalú siúcra.

D'aimsigh Payen an chéad einsím, diastáis, sa bhliain 1833.[1] Tá sé ar eolas freisin as an charbaihiodráit ceallalós a aonrú agus a ainmniú.[2]

Sa bhliain 1835, rinneadh Payen ina ollamh ag an École Centrale Paris. Toghadh é ina ollamh ina dhiaidh sin ag an Conservatoire National des Arts et Métiers. D’éag sé i bPáras an 13 Bealtaine 1871.

Oidhreacht cuir in eagar

Tá dámhachtain bhliantúil in onóir Payen, an Anselme Payen Award, bunaithe ag an Rannán Ceallalóis agus Ábhair Inathnuaite [3]

Tagairtí cuir in eagar

  1. A. Payen and J.-F. Persoz (1833) "Mémoire sur la diastase, les principaux produits de ses réactions et leurs applications aux arts industriels" (Memoir on diastase, the principal products of its reactions, and their applications to the industrial arts), Annales de chimie et de physique, 2nd series, vol. 53, pages 73–92.
  2. A. Payen (1838) "Mémoire sur la composition du tissu propre des plantes et du ligneux" (Memoir on the composition of the tissue of plants and of woody [material]), Comptes rendus, vol. 7, pages 1052–1056.
  3. "Dr Run-Cang Sun is the 2020 Anselme Payen Award Winner" (en-US). Cellulose and Renewable Materials (2020-03-29). Dáta rochtana: 2020-11-08.