Cuimsíonn  Aois na Tionsclaíochta athruithe na n-eagrúchán geilleagrach agus sóisialta a thosaigh timpeall 1760 sa Bhreatain Mhór agus níos déanaí i dtíortha eile, arb iad is a sainairíonna, ach go háirithe, úsáid meaisíní chumhacht-thiomáinte, mar an seol cumhachta agus an t-inneall gaile, in ionad uirlisí láimhe. .[1][2]

Léiríonn 'Iarann agus Gual', 1855-60, le William Bell Scott teacht chun cinn na n-oibreacha iarainn agus guail le linn na Réabhlóide Tionsclaíche agus an innealtóireacht throm le gur féidir seo a chur i gcrích.

Cé go gcreidtear go coitianta gur tháinig Aois na Faisnéise sa 20ú haois déanach, in áit na hAoise Tionsclaíche,[3] dearcadh atá ag éirí a bheith coitianta ó Réabhlóidí na bliana 1989, mar ó 2013 ar aghaidh tá giniúint cumhachta leictreachais fós bunaithe den chuid is mó ar bhreoslaí iontaise agus tá  formhór an gheilleagair de chuid an Tríú Domhan bunaithe go fóill ar earnáil na déantúsaíochta. Dá bhrí sin, tá sé ina ábhar conspóide cibé ar fhág muid an Aois Thionsclaíoch cheana féin, nó an bhfuil sí fós ann agus go bhfuil muid sa phróiseas chun Aois na Faisnéise a bhaint amach.[4]

Féach freisin cuir in eagar

  • Aois na faisnéise

Tagairtí cuir in eagar