Acadamh neamhfhoirmiúil de scríbhneoirí, lucht léinn, agus ealaíontóirí Éireannacha is ea Aosdána. Bhunaigh an Chomhairle Ealaíon an grúpa sa bhliain 1981. Faigheann an t-acadamh agus a bhaill liúntais ó rialtas na hÉireann. Tá sé mar aidhm ag Aosdána aitheantas a thabhairt dá bhaill, chomh maith leis na healaíona a chur chun cinn in Éirinn.

Bosca Sonraí EagraíochtaAosdána
Sonraí
Cineáleagraíocht shaorálach
bunachar sonraí ar líne Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlíeagraíocht shaorálach Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh1981
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú

Suíomh gréasáinaosdana.artscouncil.ie Cuir in eagar ar Wikidata

Coinníollacha Ballraíochta cuir in eagar

Tá uimhir theoranta cheadaithe de 250 ball san acadamh seo agus tá 228 ball ann i láthair na huaire.[1] Is gá gur rugadh na baill in Éirinn nó go bhfuil siad ina gcónaí anseo le cúig bliana anuas ar a laghad. Roghnaítear baill nua ar ainmniú baill amháin agus le vótáil i measc na mball go léir. Tharla sé le déanaí, gur tugadh cead d'ailtirí agus do chóragrafaithe a bheith ina mball.

Saoithe cuir in eagar

Tugtar an teideal 'Saoi' (.i. duine críonna) ar bhaill áirithe, mar aitheantas dá n-éachtaí ealaíne. Ní bhíonn an onóir seo bronnta ach ar chúigear ball ar a mhéid, ag aon am amháin. Ag na baill féin a bhíonn na Saoithe á dtoghadh. Bronnann Uachtarán na hÉireann an teideal seo (i bhfoirm Torc Óir) ar dhuine agus coinníonn an duine an stádas seo ar feadh a s(h)aoil.

Cnuas cuir in eagar

Bronntar Cnuas (deontas) ar na baill, ar choinníollacha áirithe. Is deontas é seo a cheapadh le cur ar chumas na n-ealaíontóirí a n-aird go léir a dhíriú ar a gcuid ealaíne, gan a bheith buartha faoi airgead maireachtála. Déantar athbhreithniú ar an teidlíocht i leith an chnuais, gach cúig bliana. Bhí luach €12,180 ar an gCnuas sa bhliain 2006.[2] In éineacht leis sin, tá scéim sochar pinsin á cur ar fáil do na baill chomh maith ag an gComhairle Ealaíon.

Tionól Ginearálta cuir in eagar

Bíonn baill Aosdána ag teacht le chéile uair sa bhliain chun baill nua a thoghadh agus chun athbhreithniú a dhéanamh ar chúrsaí agus ar obair na heagraíochta. San áireamh leis sin, déantar plé ar chás na n-ealaíontóirí agus na n-ealaíon i saol na linne.

Conspóid cuir in eagar

Spreagadh conspóid san eagraíocht seo sa bhliain 1997, nuair a rinne ball amháin, an file Máire Mhac an tSaoi, iarracht tabhairt ar na baill go léir an scríbhneoir Francis Stuart a chaitheamh amach as an ngrúpa. Theip ar an rún agus d'éirigh Mhac an tSaoi as a ballraíocht féin san eagraíocht mar agóid ina choinne seo.[3] Ba é an chúis leis seo ná an mhíshástacht a bhí ar Mhac an tSaoi i leith na bainte a bhí ag Francis Stuart leis na Naitsithe sa Ghearmáin le linn an Dara Cogadh Domhanda.[4]

Tagairtí cuir in eagar

Naisc Sheachtracha cuir in eagar