Apple Inc.
Is comhlacht leictreonaice tomhaltais é Apple Inc. atá lonnaithe i gCupertino, California, SAM. Tá an-tábhacht ag baint leis an gcomhlacht i stair na ríomhaireachta.
Mana | Think different. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
Ainmnithe in ómós | úll | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Sonraí | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Ainm gearr | Apple | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Cineál | fiontar corparáid comhlacht teicneolaíochta cuideachta phoiblí gnó branda computer manufacturer (en) | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Foirm dlí | corparáid SAM | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Stair | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Dáta a bunaíodh | 1 Aibreán 1976, Los Altos | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Bunaitheoir(í) | Steve Wozniak, Ronald Wayne agus Steve Jobs | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Suíomh a chartlainne | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Gníomhaíocht | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Limistéar oibriúcháin | domhanda | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Táirge | Apple TV, Apple Watch, iPad, iPod, iMac, crua-earraí ríomhaire, networking hardware (en) , AirPods, HomePod (en) , iPod Touch, iPhone, Apple Pay (en) , bogearra, personal digital assistant (en) , ríomhaire pearsanta, ríomhaire táibléid, wearable computer (en) , fón cliste, Macintosh, earraí leictreacha agus forimeallach | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Ball de | Computer & Communications Industry Association (en) | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Stocmhalartán | (NASDAQ AAPL) - (TYO 6689) | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Rialachas corparáideach | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Ceanncheathrú (2018–) |
| |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Uachtaránacht | Arthur D. Levinson | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Príomhoifigeach feidhmiúcháin | Tim Cook (2011–) | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Líon fostaithe | 154,000 (2021) | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Úinéir | The Vanguard Group (en) (7.91%). Berkshire Hathaway (5.86%). BlackRock (4.3%). State Street Global Advisors (en) (3.64%). | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Fochomhlacht | Apple Czech (en) Apple (Iosrael) Apple (An Ghearmáin) SchemaSoft (en) Claris (en) Apple Sales International (en) Apple Store Siri Inc. (en) Raycer (en) FingerWorks (en) Anobit (en) AuthenTec Prismo Graphics (en) FileMaker, Inc. (en) (1998–) Braeburn Capital (en) (2005–) Beats Electronics (2014–) | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Úinéir de | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Cuid de | NASDAQ-100 Ollchomhlachtaí an Ghréasáin Innéacs Mheán Tionsclaíoch Dow Jones S&P 500 | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Táscaire eacnamaíoch | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Cothromas iomlána | 63,090 M$ (2021) | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Ioncam iomlán | 383,285 M$ (2023) | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Glanbhrabús | 96,995 M$ (2023) | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Sócmhainní iomlána | 351,002 M$ (2021) | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Eile | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Uimhir teileafón | +1-800-275-2273 | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Gradam a fuarthas | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Suíomh gréasáin | apple.com | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Stair
cuir in eagarBhunaigh Steve Jobs agus Steve Wozniak an comhlacht i 1976. Bhí an-tionchar ag táirgí Apple ar mhargadh na ríomhaireachta pearsanta ó shin i leith. Tháinig an Apple II, ceann de na chéad micriríomhairí, amach i 1977.
Ba í fhorbairt Lisa i 1983 a thaispeáin cumhacht an chomhéadain ghrafaigh don domhan.
Thug Apple isteach an Macintosh i 1984, ag forbairt an cur chun cinn a bhí déanta acu le comhéadan grafach a bhíodh cairdiúil don úsáideoir. Tá clú ar úsáideoirí Apple mar thomhaltóirí dílse.
D'fhulaing Apple faoin iomaíocht ó chórais a bhí comhoiriúnach le IBM le linn na 1990í. Tháinig Steve Jobs ar ais mar phríomhoifigeach feidhmiúcháin i 1997 agus thosaigh sé ar líne táirgí an chomhlachta a athstruchtúrú.
I 1998 bhí an-rath ar an iMac, go háirithe don dearadh tréshoilseach. D'eisídís an iPod, seinnteoir ceoil digiteach, i 2001 agus tá níos mó ná 100 milliún díolta ó shin.
Sheol Apple an iPhone i 2007. Guthán soghluaiste atá ann agus tá éileamh ollmhór air ar fud an domhain.
D'Athraíodh ainm an chomhlachta ó Apple Computer, Inc. go Apple Inc. ar an 9 Eanáir 2007 chun béim a leagan ar a margadh nua, leictreonaic tomhaltais.
Conspóidí
cuir in eagarTá an díospóid chánach Apple - an tAontas Eorpach an t-agra dlí i gcoinne trusta is mór ar domhan riamh. Rialaigh an Coimisiún Eorpach sa bhliain 2016 go raibh buntáiste ó thaobh cúrsaí cánach tugtha do Apple agus go raibh sé seo i gcoinne an dlí de réir rialacha an Aontais Eorpaigh maidir le tacaíocht stáit.[1]
Tá an cheist fós ina chogadh dearg idir an Coimisiún Eorpach, ar taobh amháin agus Apple agus Éire ar an taobh eile. Tá na himeachtaí dlí ag dul ar aghaidh i gcónaí i láthair na huaire (2023).
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ Nuacht RTÉ (2016-12-21). "Rialú Eorpach faoi chúnamh mídhleathach stáit" (as ga-IE).