iPhone
Is guthán cliste é an iPhone (úsáidtear leagan Gaelaithe iFón uaireanta) a dhear Apple Inc. Níl cnaipí nó méarchlár ar an gcomhéadan - déantar gach rud tríd an scáileán a bhrú nó a thadhall. Tá grianghrafadán agus seinnteoir meán ar an nguthán, agus is féidir rochtain a fháil ar an idirlíon chun breathnú ar an nGréasán Domhanda agus ríomhphoist a léamh.
IPhone | |
---|---|
Forbróir | Apple |
Déantóir | Foxconn Apple |
Tréithe | |
Córas oibriúcháin | iOS |
Suíomh gréasáin oifigiúil | apple.com… |
Nochtaigh Ardfheidhmeannach Apple, Steve Jobs, an iPhone don saol mór ar an 9 Eanáir, 2007. Chuir daoine iontas ann agus ba léir go mbeadh ráchairt mhór air nuair a dhíolfar don saol mór é. Díoladh don phobal é den chéad uair i Meitheamh sa bhliain 2007. Chuaigh sé i bhfeidhm go mór ar an bpobal.[fíoras?] Bhí scuainte lonnaithe lasmuigh de shiopaí Apple ar fad SAM ar feadh laethanta sular díoladh den chéad uair é.
Tagairtí cuir in eagar
Naisc sheachtracha cuir in eagar
Is síol faoin ríomhaireacht é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |