Is club sacair Veiniséala é Aragua Fútbol Club atá lonnaithe i gcathair Maracay, i stát Aragua. Chuir an club tús lena shlí bheatha prófeisiúnta ag imirt sa Venezuelan Segunda División bliain tar éis bhunú an chlub. Tá Aragua F.C ag imirt sa Primera División Venezolana ó 2005.

Aragua Fútbol Club
Peil
Aurirrojos (Buí agus Dearg)
Chocolateros (Déanteorí séaclaid)
Sainchomharthaí
Éidí
Geansaí Geansaí Geansaí
Brístí gearra
Stocaí
Baile
Geansaí Geansaí Geansaí
Brístí gearra
Stocaí
As baile
Dathanna: Búi - Déarg
Sonraí ginearálta
Cathair: Maracay
Tír: Veiniséala
Cónaidhm: CONMEBOL
Sraith: Primera División Venezolana
Bunaithe: 5 Lúnasa, 2002 (18 bliain ó shin)
Cathaoirleach: Ricardo Villaroel
Traenálaí: Enrique Garcia
Staidiam: Estadio Olímpico Hermanos Ghersi Páez
(16,000 áit)
Séasúr reatha

Imrítear cluichí baile ag an Olímpico Hermanos Ghersi i Maracay, le cumas lucht féachana 16,000[1].

Bhuaigh Aragua an Venezuelan Seangda División 2005-06 agus Copa Veiniséala 2007.

Stair cuir in eagar

Deportivo Galicia cuir in eagar

Priomhalt: Deportivo Galicia

Cuireadh an club le chéile den chéad uair i Caracas, ach bhog sé go Maracay i 2002, atá lonnaithe i stát Aragua. Athainmníodh an club mar Galicia de Aragua agus thosaigh siad ag imirt a gcluichí baile ag staidiam Giuseppe Antonelli.

Ag deireadh an tséasúir 2001–02, cuireadh Galicia de Aragua chuig Venezuelan Segunda Division. I mí Eanáir 2002 tháinig siad mar aonán ar leithligh Aragua F.C. nuair a bhog siad go Estadio Olímpico Hermanos Ghersi Páez.

Aragua F.C cuir in eagar

Bhuaigh Aragua F.C an Venezuelan Segunda Division sa séasúr 2004-2005, agus fuair sí ardú céime go Venezuelan Primera División an bhliain. Rinne Aragua a gcéad chluiche sa leibhéal is airde an 5 Lúnasa 2005 i dtarraingt gan sprioc i gcoinne Trujillanos F.C. Bhí siad neamhbhúilte do na chéad chúig chluiche eile, ach chríochnaigh siad séasúr 2005-2006 sa 7ú háit sa deireadh.

Ag tús an tséasúir 2006-2007, chuaigh an cúl báire Rene Vega le foireann náisiúnta Veiniséala, faoi oiliúint Richard Páez i gcluiche i gcoinne na Colóime. Ba í Vega an chéad imreoir Aragua F.C a glaodh ar an bhfoireann náisiúnta.

Sa bhliain 2008, faoi stiúir an bhainisteora Manolo Contreras, bhuaigh Aragua an Copa Venezuela agus cháiligh sé go huathoibríoch chun páirt a ghlacadh in eagrán 2008 den Copa Sudamericana, áit ar chuir Guadalajara deireadh leo sa chéad bhabhta. Ag deireadh an tséasúir 2007–08, bronnadh José Salomón Rondón mar Óige na Bliana, ag marcáil an chéad uair a fuair imreoir Aragua FC an t-idirdhealú.

Onóracha cuir in eagar

  • Venezuela Segunda Division: 1 (2005)
  • Copa Venezuela: 1 (2005)

CONMEBOL cuir in eagar

  • Copa Subamericana: cúma amháin (2008, céad babhta)

Léanteoiri agus iomaíochtí cuir in eagar

Léanteorí cuir in eagar

Tugtar Los Vikingos (Na Lochlannaigh) ar lucht leanúna Aragua FC, agus go traidisiúnta bíonn siad ar sheastán thiar an staidiam, ar a dtugtar La Popular (The Popular)[2]. Tá siad comhdhéanta de roinnt faicsin a dhéanann ionadaíocht ar chathracha éagsúla ar fud an stáit: Artillería Aurirroja (Airtléire Buí agus Dearg), Cagua Aurirroja, Caña de Azúcar, El Limón, Turmero Aurirrojo, Santa Rita, agus Santa Rosa Aurirroja. Mar is amhlaidh le grúpaí tacaíochta d’fhoirne Venezuelan eile, níl na faicsin ann ach go teoiriciúil, agus go praiticiúil gníomhaíonn na lucht tacaíochta go léir mar chomhlacht aontaithe[3].

Iomaíochtí cuir in eagar

Is é Carabobo F.C príomh-iomaitheoir an chlub, as stát comharsanachta Carabobo. Tugtar El Clásico de la Autopista (The Highway Classic) ar an gcluiche go coitianta. Mar gheall ar ghaireacht phríomhchathracha an dá stát, tá comórtais Aragua-Carabobo ann i mbeagnach gach spórt gairmiúil a chleachtaítear i Veiniséala. As 18 gcluiche, bhuaigh Aragua 6, agus bhuaigh Carabobo 4[4]. Ní raibh el Classico san iomaíocht ó shéasúr 2010-2011, mar tá Carabobo san iomaíocht i Rannán Segunda ó 2011-2012.

Dathanna cuir in eagar

Sula ndeachaigh sé le Aragua F.C, bhí dathanna an chlub gorm agus bán. Tar éis an t-athrú a dhéanamh, ghlac an club dathanna stáit Aragua buí agus dearg agus d’úsáid siad iad ó shin.

Bainisteóiri cuir in eagar

  •   Carlos Maria Ravel (2002–04)
  •   Rafael Santana Fontes (2004–06)
  •   Rafael Santana Segovia (2006–07)
  •   Eduardo Contreras (2007)
  •   Manolo Contreras (2008–10)
  •   Ángel Raúl Cavalleri (2010–13)
  •     Carlos Maldonado (2013)
  •   Ángel Raúl Cavalleri (2013–14)
  •   César Modesto González (2014)
  •   Manuel Plascencia (2014–)
  1. "Olímpico Hermanos Ghersi Páez :: ceroacero.es" (es). www.ceroacero.es. Dáta rochtana: 2021-02-24.
  2. "Vikingos y Demonios dieron un espectáculo - lavinotinto.com" (es). Dáta rochtana: 2021-02-24.
  3. "Un corazón aurirrojo que late con fuerza". web.archive.org (2015-04-02). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2015-04-02. Dáta rochtana: 2021-02-24.
  4. "H2H Comparison - Aragua vs. Carabobo - Teams - Soccerway". int.soccerway.com. Dáta rochtana: 2021-02-24.