Archinneach
Maor oidhreachtúil tailte eaglaise sa Mheánaois ab ea an t-archinneach. (Sean-Ghaeilge: airchinnech, Laidin: princeps[1][2] Béarla: erenagh) a bhí freagrach as ioncam an pharóiste a fháil ó dheachú agus ó chíosanna, as maoin eaglaise a thógáil agus a chothabháil agus as maoirsiú a dhéanamh ar thailte an tearmainn a ghin ioncam an pharóiste. Mar sin bhí ról an phreibindire aige. I dtosach, bhí corann ar an archinneach ach níor ghlac sé le hord beannaithe eile; bhí glór aige sa Chaibidil nuair a chuaigh siad i gcomhairle faoi ioncam, d'íoc sé cíos bliantúil leis an Easpag agus fíneáil ar phósadh gach iníon. Is iondúil go raibh an ról faighte aige le hoidhreacht ó ghlúin go glúin i dteaghlaigh áirithe i ngach paróiste. Tar éis an Reifirméisean agus Díscaoileadh na Mainistreacha comhchuimsíodh ról an aircheannaigh i bhfreagrachtaí na n-easpag i ngach paróiste.[3]
Cineál fostaíochta | bailitheoir cánach |
---|
Naisc sheachtracha
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ "Early Christian Ireland" (2000-11-30). Cambridge University Press.
- ↑ Charles-Edwards (2000-11-30). "Early Christian Ireland". Cambridge University Press. ISBN 9780521363952.
- ↑ Erenaghs in Pre-Plantation Ulster: An Early Seventeenth-Century Account. Henry A. Jefferies, Archivium Hibernicum.
Is síol faoi chreideamh é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |