Ardal mac Cathail

rí in Éirinn sa 8ú haois

Rí na gConnacht de chlann Uí Bhriúin ba ea Ardal mac Cathail (Sean-Ghaeilge Artgal mac Cathail (died 791).[1] Cathal mac Muireadhaigh Moilleathan (bás 735), ba ea a athair agus Dub-Indrecht mac Cathail (bás 768) a dheartháir, iar-ríthe beirt.[2] Síol Chathail ba ea a mhuintir. Bhí sé i gcoróin ón mbliain 777 go dtí 782.

Infotaula de personaArdal mac Cathail
Beathaisnéis
Bás791
Teaghlach
PáisteCináed mac Artgail Cuir in eagar ar Wikidata
AthairCathal mac Muireadhaigh
SiblínDub-Indrecht mac Cathail

Sa bhliain 777, chloígh Uí Fhiachrach fir Chalraí.[3] Sa bhliain 778, bhuaigh Ardal in éadan Uí Mhaine i gCath Mag Dairben.[4]

Sa bhliain 780, cuireadh cáin Naomh Chomáin agus abb Aodháin i bhfeidhm sin tríú huair ar na Connachta.[5] D'éirigh Ardal as a choróin sa bhliain 782[6] agus d'imigh ar oilithreacht go dtí Oileán Cholm Cille an bhliain dár gcionn, áit a bhfuair sé bás sa bhliain 791.

Rinneadh rí Chonnacht fosta dá mhac, Cináed (bás 792).

Féach freisin cuir in eagar

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Charles-Edwards, Early Christian Ireland
  2. Byrne, Irish Kings and High-Kings
  3. Annála Uladh, AU 777.7
  4. AU 778.10
  5. AU 780.14
  6. AU 782.2