Cináed mac Artgail

rí Éireannach

Rí na gConnacht de chlann Uí Bhriúin ba ea Cinaéd mac Ardaile (Sean-Ghaeilge Cináed mac Artgaile) (bás 792[1]) Ardal mac Cathail (bás 791), iar-rí, ba ea a athair.[2] Síol Chathail ba ea a mhuintir.

Infotaula de personaCináed mac Artgail
Beathaisnéis
Bás792
Teaghlach
AthairArdal mac Cathail

Is dóigh gur rí go bhfreasúra é Cináed, i gcomharbacht ar Thiobraid mac Taidhg tar éis na bliana 786. Bhí Uí Fhiachrach Mhuaidhe agus Uí Ailealla ag iarraidh an ríogacht a éilimh chomh maith. Ní fheictear Cináed sna ríliostaí, agus ní thugtar an teideal rí dó sna hannála.

Sa bhliain 787, tharla Cath Gola idir Uí Fhiachrach agus Uí Bhriúin inar bhuaigh Uí Fhiachrach. Maraíodh ámh a rí, Cathmug mac Doinn Cothú mhic Cathail (bás 773) slain. Maraíodh freisin Dub-Díbeirg mac Cathail, uncail Cináed.[3] Sa bhliain 787 freisin, rinne Uí Fhiachrach Mhuaidhe ionsaí ar Uí Bhriúin as Umhall agus mharaigh siad a rí, Flathgal mac Flannabra.

Sa bhliain 788, cuireadh cáin Chiaráin i réim sa Chonnachta.[4]

Tuairiscítear Cath eile i measc na gConnacht ag Droim Góise sa bhliain 789. Cloíodh Fógartach mac Cathail, uncail eile le Cinaed agus theith sé. Sa bhliain chéanna, chloígh Uí Ailealla na Luigne i gCath Achad Ablae (barúntacht An Chorain barony).[5] Sa bhliain 790, bhain siad bua eile amach in éadan Luigne ag Cath Átha Rois agus mharaigh siad a dtaoiseach.[6]

Sa bhliain 792, cloíodh agus maraíodh Cináed ag Muiris mac Tomaltaigh i gCath Sruth Cluana Argai (Cloonargid, Contae Ros Comáin). Deirtear gur éirigh Muiris i gcoróin tar éis an chatha seo.[7]

Féach freisin cuir in eagar

Foinsí cuir in eagar

  • Annála Uladh
  • Leabhar Laighneach, cuid 30
  • T. M. Charles-Edwards, Early Christian Ireland
  • Francis J. Byrne, Irish Kings and High-Kings
  • Daniel P. McCarthy, The Chronology of the Irish Annals

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Daniel P. McCarthy, The Chronology of the Irish Annals
  2. Francis J.Byrne, Irish Kings and High-Kings, Tábla 20
  3. Annála Uladh, AU 787.4
  4. AU 788.9
  5. AU 789.16
  6. AU 790.3
  7. AU 792.2