Is ardeaglais Anglacánach suite sa London Borough of Southwark í Ardeaglais Southwark., nó Eaglais an tSlánaí Naoimh agus Naomh Mary Overie mar atá a lánainm. Is Mary Overie a thosaigh an eaglais seo sa 7ú céad, agus rámhaíodh a athair, John Overie, a bhí ina bhádóir thar Abhainn na Tamaise, daoine ón bhruach thuaidh go dtí an bruach theas go mbídís in ann adhartha ansin. Athógadh í ar dhá uair ina dhiaidh: Naomh Swithun, Easpag Winchester, a athóg í idir 853 agus 862, agus canónaí Augustineach arís sa 12ú céad. Mhair sí mar eaglais pharóiste go dtí deireadh an 18ú chéad.[1]

WD Bosca Sonraí Foirgneamh
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
Ardeaglais Southwark
Íomhá
Sonraí
CineálArdeaglais Anglacánach nó Easpagóideach
Foirgníocht12 haois Cuir in eagar ar Wikidata
Tiomnaithe doÍosa Críost
Tréith
Stíl ailtireachtaailtireacht Ghotach
Suíomh geografach
Limistéar riaracháinBuirg Londan Southwark, England
Map
 51°30′22″N 0°05′23″W / 51.5061°N 0.0897°W / 51.5061; -0.0897
Foirgneamh liostaithe Ghrád I
Am2 Márta 1950
Aitheantóir1378460
Gníomhaíocht
DeoiseDiocese of Southwark (en) Aistrigh
ReiligiúnAnglacánachas
Suíomh gréasáin oifigiúilcathedral.southwark.anglican.org

Milleadh codanna den áras le linn athógtha Dhroichead Londan i 1830; ach, cé gur chuir an ailtire Gotach cáiliúil A. W. N. Pugin cur síos ar a chorp mar "an áit soiscéalaithe is suaraí a náirigh riamh an 19ú céad", mhair an eaglais go dtí an lá atá inniu; í ag éirí ina hardeaglais i 1905. Laistigh di, tá uaigh John Gower, a fuair bás i 1408 agus ar a ndéantar go minic cur síos mar 'céad fhile an Bhéarla', toisc gur scríobh se as Béarla in áit na Fraincise nó na Laidine, sa tráth sin an dá teanga 'mhúinte' i Sasana. Tá freisin uaigh Edmund Shakespeare, deartháir William Shakespeare a fuair bás i 1603, san eaglais, agus is féidir gur fhreastail William Shakespeare féin freisin ar sheirbhísí na heaglaise.[1]

Tagairtí cuir in eagar