Is éard is bánú na tuaithe (nó tréigean na tuaithe) ann ná claonadh daoine aistriú ó cheantair thuaithe go dtí ceantair uirbeacha. Taobh tuaithe de phróiseas déimeagrafach darb ainm an t-uirbiú atá ann.

Comparáid aoise daonra idir contae tuaithe agus contae uirbeach in Iowa, a léiríonn aistriú ban óga (dearg) go ceantair uirbeacha[1]

I mbonneagair atá i mbéal tionsclaíochta ar nós na Breataine Bige san 18ú haois nó Oirthear na hÁise san 20ú haois, tarlaíonn sé de thoradh thionsclú na dtionscal príomhúil, amhail an talmhaíocht, an mhianadóireacht, an iascaireacht, agus an fhoraoiseacht. Ciallaíonn sé seo go bhfuil níos lú daoine ag teastáil chun an méid céanna aschur a thabhairt ar an margadh, agus go ndéantar tionscail thánaisteacha ghaolmhara (scagadh agus próiseáil) a chomhdhlúthú. Tubaiste shaorga nó thimpeallachta is cúis le tréigean na tuaithe scaití, e.g. gorta nó easpa acmhainní; is samplaí de thosca brú iad seo.

Bíonn cúiseanna eile ag baint leis an bhfeiniméan seo, má tá pá níos airde nó rochtain ar oideachas ar fáil i gceantair uirbeacha; is samplaí de thosca tarraingthe iad seo.

Má thiteann daonra tuaithe faoi thairseach chriticiúil, éiríonn sé róbheag chun tacú le gnóthaí áirithe, agus nuair a dhúntar nó imíonn na gnóthaí sin, cruthaítear fáinne fí. Fiú in earnálacha nach bhfuil baint acu leis an margadh, bíonn sé níos costasaí do rialtais seirbhísí a sholáthar do dhaonraí atá níos lú agus níos scaipthe i gcomparáid le háiteanna eile. D'fhéadfaí oifigí agus seirbhísí státmhaoinithe a dhúnadh, rud a dhéanann dochar breise do gheilleagar na tuaithe. Is sampla tipiciúil é an rochtain ar oideachas, toisc go mbíonn tionchar aici ar chinntí tuismitheoirí: de ghnáth imeoidh teaghlaigh ó shráidbhaile nó réigiún gan scoil i dtreo bailte móra ina bhfuil scoileanna ar fáil.

  1. 2000 U.S. Census Data