BBC Gaeilge

roinn na Gaeilge in BBC Thuaisceart Éireann

Is é BBC Gaeilge an eagraíocht taobh istigh de BBC Thuaisceart Éireann a chuireann cláracha raidió agus teilifíse ar fáil trí mheán na Gaeilge.

Bosca Sonraí EagraíochtaBBC Gaeilge
Sonraí
Cineálcraoltóir Cuir in eagar ar Wikidata
Rialachas corparáideach
Cuid deBBC Thuaisceart Éireann Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinbbc.co.uk… Cuir in eagar ar Wikidata
Facebook: bbcgaeilge Twitter: bbcgaeilge Instagram: bbcgaeilge Cuir in eagar ar Wikidata

Ar BBC Raidió Uladh tá clár raidió i nGaeilge, Blas, a chraoltar ón Luain go dtí an Déardaoin gach seachtain, ó 7.30 i.n. go 8.00 i.n. Bíonn 'Blas Ceoil' á chraoladh gach Déardaoin ó 8.00 i.n. go 9.00 i.n.

Díríonn Blas ar scéalta atá i mbéal an phobail á bplé ag painéal na seachtaine. Léiríonn BBC Gaeilge an clár, le láithreoirí éagsúla gach seachtain. Is iad na príomhláithreoirí ná Fearghal Mag Uiginn, Máire Bhreathnach, Dáithí Ó Muirí, agus Caoimhe ‘Chats’ Ní Chathail. Láithríonn Caoimhe ‘Ceol’ Ní Chathail an clár 'Blas Ceoil' gach Déardaoin ó 8.00 i.n. go dtí 9.00 i.n. [1] [2]

Tagairtí cuir in eagar

  1. "Blas (Radio Ulster)" (as en) (2023-10-16). Wikipedia. 
  2. "BBC Radio Ulster - Blas" (ga). BBC. Dáta rochtana: 2023-10-16.