Is géineas de phailmeacha spíonacha é Bactris, atá dúchasach i Mheicsiceo Theas agus i Mheiriceá Láir agus i Muir Chairib. Is crainn bheaga iad an chuid is mó de na speicis thart ar 2 mhéadar ar airde, ach is crainn mhóra iad cuid acu agus is toir le gais faoi thalamh cinn eile. Tá comhdhuillí simplí nó cleiteacha acu agus torthaí buí, dearga nó corcra-dubh. Tá an géineas gaolmhar go dlúth le roinnt pailmeacha spíonacha - Acrocomia, Aiphanes, Astrocaryum agus Desmoncus. Tá torthaí roinnt speiceas inite, go háirithe B. gasipaes, agus úsáidtear cinn eile ó thaobh sláinte de nó le haghaidh tógála.

WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoBactris Cuir in eagar ar Wikidata

Bactris gasipaes Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtPlantae
OrdArecales
FineArecaceae
FofhineArecoideae
GéineasBactris Cuir in eagar ar Wikidata
Scop.
Ainmníocht
Ex taxon author (en) AistrighJacq. Cuir in eagar ar Wikidata

Creidtear gur tháinig sinsear an ghéinis isteach i Meiriceá Theas le linn na tréimhse cailcí déanaí . Fuair William Baker agus Thomas Couvreur amach go raibh Bactris ar cheann de shé ghéineas pailme a thaispeáin na rátaí speiceasaithe is airde.

Cur síos cuir in eagar

Is iondúil go gclúdaítear na gais agus na duilleoga de speicis Bactris le spíní. Go ginearálta bíonn spíní ar idirnóidacha na ngas; i B. glaucescens agus B. setulosa cíonn spíní i láthair ar na nóid freisin. Ní bhíonn spíní ar ghais roinnt de na speicis.Tá duilleoga spíonacha ag gach speiceas; is minic a bhíonn na spíní cnuasaithe ar an pheitín nó ar an droimín. I roinnt speiceas eile ní fhaightear fhaightear spíní ach amháin ar bharra na nduillíní.[1] :

Tacsanomaíocht cuir in eagar


Tagairtí cuir in eagar

  1. Henderson (2000). "Bactris (Palmae)". Flora Neotropica 79: 1–181.