Banana Yoshimoto

scríbhneoir Seapánach

Banana Yoshimoto (吉本 ばなな) (born 24 July 1964[1]) is ainm cleite don scríbhneoir Seapánach Mahoko Yoshimoto (吉本 真秀子). Idir na blianta 2002 agus 2015 scríobh sí a hainm in hiragana (よしもと ばなな).

Infotaula de personaBanana Yoshimoto
Ainm sa teanga dhúchais(ja) 吉本ばなな
Beathaisnéis
Breith(ja) 吉本 真秀子
24 Iúil 1964
59 bliana d'aois
Bunkyō-ku (an tSeapáin)
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Nihon Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga dhúchaisan tSeapáinis
Gníomhaíocht
Réimse oibreAiste
Gairmscríbhneoir, scríbhneoir aistí, scríbhneoir próis, úrscéalaí Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1986 –
SeánraFicsean tuairimeach
TeangachaAn tSeapáinis
Saothar
Saothar suntasach
Teaghlach
AthairTakaaki Yoshimoto
SiblínYoiko Haruno
Gradam a fuarthas

Suíomh gréasáinyoshimotobanana.com Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm0949012 Twitter: y_banana Musicbrainz: 6cbf50b4-9a3b-4b47-a1f6-e46b6aeff740 Discogs: 1251783 Cuir in eagar ar Wikidata

Beatha cuir in eagar

Rugadh Yashimoto i dTóiceo ar 24 Iúil 1964 agus tógadh i dteaghlach liobrálach í. Is é a hathair Takaaki Yoshimoto, file agus criticeoir cáiliúil, agus tá iomrá lena deirfiúr Haruno Yoiko mar chartúnaí.

Bhain Yoshimoto céim amach i gColáiste Ealaíne Ollscoil Nihon leis an litríocht mar mórábhar. Thug sí an t-ainm cleite “Banana” uirthi féin de bharr an taitnimh atá aici ar bhláthanna banana. Maíonn sí gur ainm é atá idir “ghleoite’ agus “andraigíneach, d’aonturas”.[2]

Tá sí pósta agus mac aici, ach is iondúil nach sceitheann sí scéalta i dtaobh a beatha. Scríobhann sí beagán gach lá agus deir sí go bhfuil saghas náire uirthi toisc go scríobhann sí scéalta beagnach ar son spóirt. Idir na blianta 2008 agus 2010 bhreac sí dialann ar líne do Bhéarlóirí.[3]

Scríbhneoireacht cuir in eagar

Thosaigh sí ag scríobh sa bhliain 1987 agus í ag obair mar fhreastalaí. Deir sí go ndeachaigh an t-údar Meiriceánach Stephen King go mór i gcion uirthi trína scéalta neamhuafáis. Ina dhiaidh sin d’fhág Truman Capote agus Isaac Bashevis Singer a rian ar a saothar.

Cuireadh a céad leabhar, Kitchen (1988), cnuasach gearrscéalta, i gcló os cionn seasca uair sa tSeapáin. Rinneadh dhá scannán de: scannán teilifíse sa tSeapáin agus scannán Sínise (1997) a rinneadh in Hong Kong agus a scaipeadh níos forleithne.[4]

Tá dhá úrscéal déag agus seacht gcnuasach aistí scríofa aici agus tá os cionn sé mhilliún cóip díobh díolta ar fud an domhain.[5]

Cuireann sí síos ar an ngrá agus ar an gcairdeas, ar chumhacht an bhaile agus an teaghlaigh, agus ar an rian a fhágann an chaill ar an aigne. Deir Yoshimoto gurb iad an dá théama is mó aici cloíteacht an aois óig sa tSeapáin inniu agus an chaoi a bhfágann na tubaistí lorg ar shaol an duine[6] Tugann sí cuntas ar na fadhbanna a bhaineann do dhaoine óga. Is minic a bhíonn cuntas ar bhia agus ar bhrionglóidí ina saothar, agus maíonn sí go bhfáisctear cuid mhaith dá saothar as a mbrionglóidí féin.

Tá a lán duaiseanna liteartha bainte aici.

Liosta leabhar cuir in eagar

Aistriúcháin Bhéarla na leabhair i litreacha Iodálacha. Níl sna leaganacha Gaeilge ach garbhaistriúcháin ar theidil leabhar nár aistríodh go Béarla fós.

Teideal Dáta foilseacháin
Aistriúchán Seapáinis Seapáinis Aistriúchán
Béarla
Moonlight Shadow (úrscéal gearr) ムーンライト・シャドウ 1986 1993
Kitchen キッチン 1988 1993
Cúr/Tearmann うたかた/サンクチュアリ 1988
Teir 哀しい予感 1988
Goodbye Tsugumi TUGUMI 1989 2002
Asleep 白河夜船 1989 2000
N.P N・P 1990 1994
Lizard (gearrscéalta) とかげ 1993 1995
Amrita アムリタ 1994 1997
Oíche fhada Marika, Dialann bhrionglóidí in Bali) マリカの永い夜・バリ夢日記 1994
Leannán deireanach Hachiko ハチ公の最後の恋人 1994
Sly SLY 1996
Mí na Meala ハネムーン 1997 2003
Hardboiled & Hard Luck ハードボイルド/ハードラック 1999 2005
Diamhair (aistí) オカルト 2000
Grá (aistí) ラブ 2000
Bás (aistí) デス 2001]]
Beatha (aistí) ライフ 2001
Tá gach eolas ag an gcorp 体は全部知っている 2000
Adhaltranas agus Meiriceá Theas 不倫と南米 2000
Daisy's Life ひな菊の人生 2000
Ríochtaí, cuid 1: Ardáin Andraiméide 王国 その1 アンドロメダ・ハイツ 2002
Bogha báistí 2002
Argentine Hag (le léaráidí le Yoshitomo Nara) アルゼンチンババア 2002 2002
Éide aingil ハゴロモ 2003
Cuimhní ar cheann caoch デッドエンドの思い出 2003
Ní mian liom imeacht なんくるない 2004
High and dry (An chéad ghrá) High and dry (はつ恋) 2004
Claibín na mara 海のふた 2004
Ríochtaí, cuid 2: Crá, scáil na rudaí caillte, draíocht 王国 その2 痛み、失われたものの影、そして魔法 2004
Ríochtaí, cuid 3: An gairdín rúnda 王国 その3 ひみつの花園 2005
The Lake みずうみ 2005 2010
Deilf イルカ 2006
Scáileanna daoine ひとかげ 2006
Mise agus Chie チエちゃんと私 2007
Brionglóid faoi Hawaii まぼろしハワイ 2007
An rinn theas サウスポイント 2008
Ina taobh siúd 彼女について 2008
Moshi-Moshi: A Novel もしもし下北沢 2010 2016
Deirfiúracha dearcáin どんぐり姉妹 2010
Ríochtaí, cuid 4: Saol eile アナザー・ワールド 王国 その4 2010
Siosarnach ジュージュー 2010
An saol aoibhinn eile úd スウィート・ヒアアフター 2011
Oíche le Saki さきちゃんたちの夜 2013
Scroid Chidori スナックちどり 2013
An dtabharfaimid grá dá chéile? 僕たち、恋愛しようか? 2013
Ar bhláthcheapach 花のベッドでひるねして 2013
Éin 鳥たち 2014
Oíche an tsorcais サーカスナイト 2015
Funafu Funabashi ふなふな船橋 2015

Nótaí cuir in eagar

  1. http://www.faber.co.uk/author/banana-yoshimoto/ Faber & Faber, Banana Yoshimoto
  2. http://www.britannica.com/EBchecked/topic/760031/Yoshimoto-Banana: Banana Yoshimoto, Encyclopædia Britannica
  3. Banana Yoshimoto, My Journal: http://www.yoshimotobanana.com/journal_e/
  4. Yim, Ho (director) (1997). Kitchen. IMDb: http://www.imdb.com/title/tt0116785/?ref_=nm_ov_bio_lk3
  5. Copeland, Rebecca L. (2006). Woman Critiqued: Translated Essays on Japanese Women’s Writing. University of Hawaii, lch 167. ISBN 0-8248-2958-1.
  6. http://www.japancoolture.com/en/banana-yoshimoto-and-the-young Curtha i gcartlann 2013-11-04 ar an Wayback Machine: Banana Yoshimoto and the young: 26 Márta 2012

Naisc sheachtracha cuir in eagar