Truman Capote
Ba scríbhneoir Meiriceánach é Truman Capote (30 Meán Fómhair, 1924 – 25 Lúnasa 1984). Scríobh sé scéalta, úrscéalta, drámaí agus ábhar neamhfhicseanach. Tá meas mór ar roinnt acu, go háirithe an nóibhille Breakfast at Tiffany's (1958) agus In Cold Blood (1965), "úrscéal neamhfhicsin" mar a thug an scríbhneoir air. Bunaíodh timpeall fiche scannán agus dráma teilifíse ar scéalta le Capote.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | (en) Truman Streckfus Persons 30 Meán Fómhair 1924 New Orleans, Louisiana |
Bás | 25 Lúnasa 1984 59 bliana d'aois Los Angeles (Stáit Aontaithe Mheiriceá) |
Siocair bháis | Bás nádúrtha (Cliseadh ae) |
Áit adhlactha | Westwood Village Memorial Park Cemetery (en) |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ardscoil Greenwich Dwight School (en) |
Teanga dhúchais | Béarla |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Scríbhneoireacht chruthaitheach agus phroifisiúnta, iriseoireacht, scríbhneoireacht scannán agus aisteoireacht scannáin |
Gairm | scríbhneoir scripte, dírbheathaisnéisí, aisteoir, drámadóir, úrscéalaí, scríbhneoir, iriseoir |
Tréimhse oibre | 1943 – 1982 |
Ball de | |
Seánra | Southern Gothic (en) |
Teangacha | Béarla |
Saothar | |
Saothar suntasach
| |
Suíomh a chartlainne | |
Teaghlach | |
Céile | luach ar iarraidh |
Gradam a fuarthas
| |
|
Bhí deis a labhartha aige, ach ag iarraidh daoine a ghríosú, tharraing Capote conspóid lena bheo agus lena mharbh fiú.[1]
Saol
cuir in eagarTús a shaoil
cuir in eagarRugadh Truman Streckfus Persons i New Orleans ar an 30 Meán Fómhair 1924, agus ba iad a thuismitheoirí Archulus Persons agus cailín seacht mbliana déag darbh ainm Lillie Mae Faulk.
Ní raibh sé ach ceithre bliana d'aois nuair a fuair an lánúin colscaradh, agus ansin tugadh go Monroeville i stát Alabama é, áit ar thóg muintir a mháthar é. Ba ansin a chuir Truman aithne ar chailín darbh ainm Nelle Harper Lee. Bhí siad ina ndlúthchairde go lá a bháis, agus chabhraigh Harper le Truman an leabhar cáiliúil In Cold Blood a scríobh.
Sa bhliain 1933 d'aistrigh Truman go Nua-Eabhrac, áit a raibh cónaí ar a mháthair agus ar a fear céile nua. B'as Cúba do Joseph Capote, agus é sásta glacadh le Truman mar mhac agus a shloinne féin a bhronnadh ar an mbuachaill. Mar sin a rinneadh Truman García Capote de Truman Streckfus Persons.
Thosaigh Truman ag scríobh scéalta nuair nach raibh sé ach aon bhliain déag d'aois. Mar a dúirt sé féin, bhí sé ag traenáil scríbhneoireachta mar a bhíonn páistí eile ag traenáil veidhlíneadóireachta nó pianódóireachta, nó gach lá i ndiaidh na gceachtanna scoile chaitheadh sé trí huaire an chloig ag scríbhneoireacht. Bhí Truman dúghafa leis an scríbhneoireacht san am, dar leis féin.
Sa bhliain 1935 chuaigh sé ar Scoil na Tríonóide (Trinity School), scoil ullmhúcháin i Nua-Eabhrac, agus ina dhiaidh sin bhí sé ag freastal ar Acadamh Míleata Iósaf (St Joseph Military Academy).
Sa bhliain 1939 d'aistrigh muintir Capote go Greenwich i stát Connecticut, agus chuaigh Truman ar an ardscoil áitiúil. Mar ba dual don ábhar scríbhneora, bhí sé ag cumadh ábhair do Green Witch, iris liteartha na scoile, chomh maith le nuachtán na scoile.
Nua-Eabhrac
cuir in eagarTháinig an teaghlach ar ais go Nua-Eabhrac sa bhliain 1942, agus chuaigh Truman ar Scoil Franklin (Franklin School), ar a dtugtar Dwight School nó Scoil Dwight inniu. Scoil phríobháideach in Uachtar an Taoibh Thiar nó Upper West Side a bhí ann. Bhain Truman amach a ardteastas ón scoil seo sa bhliain 1943, agus sin a raibh d'oideachas scoile aige.
Bhí Truman fós ina dhalta scoile i Scoil Franklin nuair a thosaigh sé ag timireacht oibre don iris The New Yorker. Go bunúsach, ní raibh i gceist ach a bheith ag sórtáil cartún agus ag déanamh gearrthóga nuachta, mar a dúirt Truman ní ba déanaí. Chaith sé dhá bhliain ansin, ach nuair a tharraing sé fearg an fhile Robert Frost air féin, tugadh an sac dó.
Is é an bharúil a bhí ag Truman Capote ar an seal oibre seo ní ba déanaí nach raibh mórán ann mar jab, ach mar sin, bhí sé buíoch beannachtach go raibh obair de chineál éigin aige san am, ó bhí sé meáite gan tuilleadh ama a chur amú in aon seomra ranga: ba é a dhianbharúil gur cinniúint don scríbhneoir a pheann agus nach féidir le haon ollamh coláiste scríbhneoireacht a theagasc don duine nach dual dó an cheird sin, ná dúchas na scríbhneoireachta a bhaint den duine a bhfuil sé ann.
Alabama
cuir in eagarI ndiaidh dó an jab a chailleadh shocraigh sé síos i dteach lucht a ghaoil in Alabama áit ar chrom sé ar a chéad úrscéal, is é sin, Summer Crossing.
Bhí Truman Capote mór le Harper Lee, a chomharsa i Monroeville, Alabama, agus mhair an cairdeas go lá a bháis-sean. Bhunaigh Truman carachtar Idabel sa leabhar Other Voices, Other Rooms ar Lee, agus ba eisean a thug inspioráid do charachtar Dill Harris san úrscéal To Kill a Mockingbird a thabhaigh Duais Pulitzer do Lee.
Ní ba déanaí, chuidigh Lee le Capote an t-eolas a bhailiú ó mhuintir na háite le haghaidh In Cold Blood, an t-úrscéal fíricsin faoi dhúnmharú mhuintir Clutter i Holcomb, Kansas, i Mí na Samhna 1959.
Bás
cuir in eagarBhuail galar ae é. Bhí sé as a chiall ar dhrugaí[1] nuair a fuair sé bás ar 25 Lúnasa 1984 i mBel Air, Los Angeles, in aois 59 dó.
Tharraing Capote conspóid lena bheo agus lena mharbh. Créamadh a chorp, ach goideadh a chuid luaithrigh dhá uair, creid nó ná creid.[2] Díoladh cuid den luaithrigh ar ceant sa bhliain 2015, agus bhain siad praghas maith amach, $43,750, Fuair buidéil na bpiollairí a bhí aige $9,280 ar ceannt, creid nó ná creid.[3]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ 1.0 1.1 "Tru Life: How Truman Capote Became a Cautionary Tale of Celebrity Culture" (en). The National Endowment for the Humanities. Dáta rochtana: 2021-08-25.
- ↑ "Truman Capote" (as en) (2021-08-25). Wikipedia.
- ↑ "Truman Capote's ashes sold for $43,750" (en). the Guardian (2016-09-26). Dáta rochtana: 2021-08-25.