Is éard is baoi (nó bulla, pocán)[1][2] ann ná cineál comhartha nó gléas atá ar snámh san fharraige nó sa loch. Go hiondúil bíonn na baoithe ar ancaire, ach de réir an chineál úsáide a bhaintear as an mbaoi, is féidir é a fhágáil ag dul le sruth freisin.

Baoithe san Fhrainc

Cineálacha baoithe cuir in eagar

  • Comhartha farraige. Áiseanna píolótaíochta iad na baoithe seo, nó marcálann siad an bealach seoltóireachta, ionas nach rachaidh na báid is na longa ar strae uaidh.
  • Baoi tarrthála. Áis buacachta é an baoi tarrthála a chaitear san uisce le go bhféadfadh an duine atá le tarrtháil. Bíonn sreang leis an mbaoi tarrthála a cheadaíonn don té a chaith an baoi an duine a tharraingt isteach.
  • Baoithe cumarsáide na bhfomhuireán. Scaoileann an fomhuireán baoithe den chineál seo lena thabhairt le fios go bhfuil an criú i gcruachás éigin.
  • Baoi marcála a thaispeánann cá bhfuil na tumadóirí scúba ag tumadóireacht, nó cá bhfuil siad ag stopadh le díbhrúchán a dhéanamh. Cuid den tumadóireacht é dul i dtaithí an dóigh a bhfuil an brú ag titim agus an t-uisce ag tanú, nó is dócha don tumadóir an galar díbhrúcháin (galar an tumadóra) a thógáil má íslíonn an brú go róluath. Bíonn sé ciallmhar an díbhrúchán a dhéanamh de réir a chéile in áiteanna atá marcáilte le baoithe, ionas nach dtiocfaidh aon bhád róchóngarach de thaisme.
  • Baoi raice a thaispeánann cá ndeachaigh long nó bád éigin i dtóin phoill fadó, agus cá bhfuil iarsmaí na loinge nó an bháid seo. Tá sé ciallmhar raicí a mharcáil ar an dóigh seo, nó is féidir don raic dochar a dhéanamh do na báid eile, nó a mhalairt (bíonn tábhacht stairiúil nó chultúrtha le raicí go minic, agus ní mór a leithéidí a chosaint ar liáin agus cílí na mbád eile). Thairis sin, is féidir don fhochais chéanna tuilleadh bád a raiceáil mura seachnaítear í.

Tagairtí cuir in eagar

  1. “buoy” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-06-12.
  2. Pádraig Ó Mianáin, eag.: “buoy — Aistriúchán Gaeilge ar buoy (An Foclóir Nua Béarla-Gaeilge)” (ga). An Gúm (2020). Dáta rochtana: 2023-06-12.