Cathair in Alasca, SAM, is ea Utqiaġvik (IPA: ut.qe.ɑʁ.βik),[1] ar a dtugtar Barrow go minic fós, an chathair is mó i mBuirg Fána Taobh Thuaidh. Tá an baile suite taobh thuaidh den Chiorcal Artach. Is é Utqiaġvik an 11ú lonnaíocht shibhialta is faide ó thuaidh ar domhan agus is é an chathair is faide ó thuaidh sna Stáit Aontaithe. Is é Rinn Barrow an pointe is faide ó thuaidh sa tír. Bhí 4,683 duine ina gcónaí ann sa bhliain 2000 agus 4,212 sa bhliain 2010.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilBarrow, Alasca
Utqiaġvik (ik)
Utqiagvik (en) Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata

Ainmnithe in ómósJohn Barrow Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Map
 71°17′26″N 156°47′19″W / 71.2906°N 156.7886°W / 71.2906; -156.7886
Stát ceannasachStáit Aontaithe Mheiriceá
Stát sna Stáit AontaitheAlasca
Borough of Alaska (en) AistrighBuirg Fána Taobh Thuaidh, Alasca Cuir in eagar ar Wikidata
Príomhchathair de
Daonra
Iomlán4,927 (2020) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús101.35 hab./km²
Líon na dteaghlach409 (2020) Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Achar dromchla48.61477 km² Cuir in eagar ar Wikidata
• Uisce12.3743 % Cuir in eagar ar Wikidata
Airde3 m Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí stairiúla
Cruthú8 Meitheamh 1959
Aitheantóir tuairisciúil
Cód poist99723 Cuir in eagar ar Wikidata
Lonnaithe i gcrios ama
Glaochód907 Cuir in eagar ar Wikidata
Eile

Suíomh gréasáinutqiagvik.us Cuir in eagar ar Wikidata

Stair cuir in eagar

 
Béarla (Welcome to Barrow) agus Iñupiaq (Paġlagivsigiñ Utqiaġvigmun)
 
Iarsmaí de thithe fóid in Barrow

Thaispeánann suíomhanna seandálaíochta sa cheantar go raibh pobal Iñupiat timpeall Barrow chomh faide siar le AD 500. Ar an gcladach Artach, tá na hiarsmaí le feiceáil de 16 thulach a bhí ina dtithe fóid den chultúr Birnirk (a bhí ann thart ar AD 800). Táid suite ar airde atá beagán os cionn bharr láin agus iad i gcontúirt a chailliúna ag creimeadh na mara.

Bhaist na Sasanaigh "Barrow" ar an áit sa bhliain 1825 in onóir an Ridire John Barrow ón Ailmiréalacht Ríoga. Thóg misinéirí Meiriceánacha eaglais Phreispitéireach ann sa bhliain 1888. Osclaíodh oifig phoist ann sa bhliain 1901, rud a chuaigh go mór leis an ainm "Barro" a chur i mbéal na ndaoine.

Tagairtí cuir in eagar

Naisc sheachtracha cuir in eagar