Bartholomeus van der Helst
Ba phéintéir Ollannach é Bartholomeus van der Helst [1] (1613 – adhlacadh 16 Nollaig 1670). Measadh go raibh sé ar cheann de na príomhphéintéirí portráide i Ré Órga na hÍsiltíre, agus fuair a chuid portráidí galánta pátrúnacht scothaicmí Amstardam, chomh maith le ciorcal na Stadtholder.(Stíobhard) dó.[2] Chomh maith le portráidí, phéinteáil van der Helst cúpla pictiúr seánrúil chomh maith le roinnt radhairc bhíobalta agus ábhair mhiotaseolaíochta..[3]
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 1613 Haarlem |
Bás | 16 Nollaig 1670 56/57 bliana d'aois Amstardam |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Péintéireacht |
Suíomh oibre | Amstardam (1636–1670) Haarlem |
Gairm | péintéir, amharcealaíontóir |
Seánra | Portráid |
Gluaiseacht | Péintéireacht Ré Órga na hÍsiltíre |
Catalogue raisonné | Bartholomeus van der Helst (ca. 1613–1670): Een studie naar zijn leven en werk. (2011) Bartholomeus van der Helst, proefschrift Leiden University 1921 (1921) |
Faoi thionchar | |
Teangacha | An Ollainnis |
Saothar | |
Saothar suntasach | |
Teaghlach | |
Céile | Anna du Pire |
Páiste | Lodewijk van der Helst |
Saol
cuir in eagarRugadh Bartholomeus van der Helst i Haarlem sa bhliain 1613 . Ní fios dáta cruinn a bhreithe, toisc go bhfuil taifid breithe Haarlem na linne sin caillte. Ba mhac tábhairneora ó Haarlem é, darbh ainm Lodewijk, agus dara bean chéile Lodewijk, Aeltgen Bartels. Bhog Van der Helst go hAmstardam tamall roimh 1636, an bhliain a phós sé Anna du Pire, bean 18 mbliana d’aois ó theaghlach rathúil i nDeisceart na hÍsiltíre a bhí fágadh ina dílleachta cheana féin. Bhí seisear clainne ag an lánúin agus bhí duine acu, ar a dtugtar Lodewijk (1642 - c. 1684), ina phéintéir portráide cosúil lena athair.[4]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Dutch name variations: Bartel van der Elst, Bartelmeus van der Elst, Bartholomeus van der Elst, Bartel van der Helst, Bartelmeus van der Helst, Bartel Verelst, Bartelmeus Verelst, Bartholomeus Verelst, Bartel Verhelst, Bartelmeus Verhelst, Bartholomeus Verhelst
- ↑ Walter A. Liedtke, Dutch Paintings in the Metropolitan Museum of Art, Volumes 1-2, Metropolitan Museum of Art, 2007, pp. 223-331
- ↑ Rudolf E. O. Ekkart. "Helst, Bartholomeus van der." Grove Art Online. Oxford Art Online. Oxford University Press, accessed 15 May 2017
- ↑ Website about Bartholomeus van der Helst