Barzaz

foilsitheoir Gaeilge

Is comhlacht foilsitheoireachta Gaeilge é Barzaz ó Bhaile an Domhnalláin, an Spidéal, Co. na Gaillimhe. Inphrionta de chuid Futa Fata atá ann a dhíríonn ar litríocht chomhaimseartha a fhoilsiú do dhaoine fásta.

Bosca Sonraí EagraíochtaBarzaz
Sonraí
Cineálfoilsitheoir Cuir in eagar ar Wikidata

Ba é Madame Lazare an chéad leabhar a d'fhoilsigh Barzaz agus go dtí seo tá Leabhar na Bliana bainte aige ag Gradaim Leabhar An Post 2021 agus bhain sé aitheantas speisialta ag Duais Litríochta an Aontais Eorpaigh in 2022. Sna sála ar Madame Lazare tháinig Khalil, aistriúchán ón bhFraincis ar úrscéal le Yasmina Khadra, é aistrithe ag Máirín Nic Con Iomaire. Bronnadh Gradam de Bhaldraithe 2022 ar Khalil le gairid ag Gradaim Foilsitheoireachta an Oireachtais.

Úrscéal comhaimseartha é Na Ríthe Beaga, a d'aistrigh Máirín Nic Con Iomaire ón bhFraincis. Ba é seo an tríú leabhar ón inphrionta.