Na Ríthe Beaga

leabhar le Delphine de Vigan

Úrscéal é Na Ríthe Beaga a foilsíodh i bhFraincis i dtosach faoin teideal Les enfants sont rois.

WD Bosca Sonraí LeabharNa Ríthe Beaga
(fr) Les enfants sont rois Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálúrscéal Cuir in eagar ar Wikidata
Cárta innéacs
ÚdarDelphine de Vigan Cuir in eagar ar Wikidata
Foilseachán2021 Cuir in eagar ar Wikidata

Is í Delphine de Vigan a scríobh. Is í údar Nothing stands in the way of the Night (Prix du Roman Fnac, Prix Renaudot des Lycéens 2011), Bunaithe ar scéal fíor (Prix Renaudot agus Prix Goncourt des Lycéens 2015), chomh maith le Les Loyautés agus Gratitudes, iad ar fad foilsithe ag Editions JC Lattés.

Máirín Nic Con Iomaire a d'aistrigh go Gaeilge agus Barzaz a d'fhoilsigh.

An Scéal cuir in eagar

D'fhás Mélanie aníos faoi gheasa Loft Story (leagan Francach de Big Brother), agus níl ach rud amháin ar a haire ó shin: clú agus cáil a bhaint amach di féin. Ach nuair a fhaigheann sí deis páirt a ghlacadh i gclár teilifise réaltachta, déanann sí praiseach de. Tamall de bhlianta ina dhiaidh sin, í pósta agus páistí aici, cruthaíonn sí a cainéal féin ar YouTube - Happy Récré- ar a gcuirtear a beirt pháistí os comhair an tsaoil mhóir ar bhonn laethúil. Tá na milliúin leantóir aici a thugann "is maith liom" do gach gné de shaol na bpáistí agus a scríobhann tráchtanna faoi bhun na bhfisean.

Lena linn sin ar fad, tá póilín óg, Clara, faoi scamall an bhróin tar éis bhás tragóideach a tuismitheoirí, agus cinneann sí dul isteach san Aonad Mórchoireanna. Castar an bheirt bhan ar a chéile nuair a theann inion Mélanie, Kimmy, ar iarraidh gan tásc gan tuairisc. Ar chas si leis an duine micheart? Ar thug si na bonnaí léi? Ar fuadaíodh i? De réir mar a theann an fiosrúchán ar aghaidh, tumtar Clara i saol na dtionchairi, agus tuigtear di cé chomh foréigneach is atá Happy Récré don bheirt pháistí - biodh is gurb iad réaltaí an tseó iad, tá praghas mór á íoc acu as an gcail sin.

San úrscéal seo, téann Delphine i ngleic le ceist mhór de chuid na linne seo: cumhacht agus contúirt na meán sóisialta. Caitheann sí súil ghéar ghrinn ar shochal ina bhfuil gach uile rud le ceannach agus le díol, sochaí atá níos tógtha le cuma an tsonais ná mar atá si leis an sonas féin.