Beart (ríomhaireacht)
Is é an beart (byte i mBéarla) an buntomhas spáis i gcúrsaí ríomhaireachta (scaití baintear úsáid as an téarma ochtréad (octet i mBéarla)).
Cineál | unit of information (en) agus aonad díorthaithe UCUM |
---|---|
Aonad de | information (en) |
Tiontuithe aonad | |
In aonaid caighdeánacha | 1 B 8 bit 0.0009765625 KiB 2 nibble (en) |
Tá ocht ngiotán sa bheart, agus is féidir 256 luach éagsúil a stóráil in aon bheart amháin (1B). D'fhéadfaí carachtar singil a stóráil i mbeart amháin faoin gcóras carachtar ASCII. Úsáidtear dhá bheart le carachtair a stóráil de réir chóras Unicode (atá tagtha i gcomharbacht, nach mór, ar ASCII). Is féidir 65,536 luach éagsúil a stóráil in dhá bheart. Ciallaíonn sé seo gur féidir carachtair aibítrí uile an domhain a stóráil trí chóras Unicode.
Tomhaiseanna Eile
cuir in eagarTá na príomhthomhaiseanna spáis eile sa ríomhaireacht bunaithe ar an mbeart:
- Cilibheart (kB). 1kB = 1024 B (m.sh., teachtaireacht ríomhphoist ≈ 1KB)
- Meigeabheart (MB). 1 MB = 1024 kB = (m.sh. pictiúr a tógadh le ceamara neamhchasta digiteach ≈ 1MB)
- Gigibheart (GB). 1 GB = 1024 MB (m.sh., cuid de scannán le fuaimrian ≈ 1GB)
- Teireabheart (TB). 1 TB = 1024 GB (m.sh., bailiúchán mór ilmheáin ≈ 1TB)
Is síol faoin ríomhaireacht é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |