Beatrice Tinsley

réalteolaí Nua-Shéalannach (1941-1981)

Réalteolaí agus cosmeolaí de chuid na Nua-Shéalainne ba ea Beatrice Muriel Hill Tinsley (27 Eanáir 1941 – 23 Márta 1981), cé gur sa Breatain a rugadh í. Thug a cuid taighde léargas ar leith ar éabhlóid na réaltraí.

Infotaula de personaBeatrice Tinsley

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(en) Beatrice Muriel Hill
27 Eanáir 1941
Chester, England Cuir in eagar ar Wikidata
Bás23 Márta 1981
40 bliana d'aois
New Haven, Connecticut Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Canterbury - Máistir Eolaíochta (–1962)
Ollscoil Texas, Austin - céim dochtúireachta (–1967)
New Plymouth Girls' High School (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Céim acadúilMáistir Eolaíochta
Tráchtas acadúilTheory of the crystal field in neodymium magnesium nitrate. (1962 Cuir in eagar ar Wikidata)
Áit chónaitheStáit Aontaithe Mheiriceá
Gníomhaíocht
Réimse oibreRéalteolaíocht
Gairmréalteolaí, múinteoir ollscoile Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirOllscoil Yale (1975–1981) Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla
Teaghlach
CéileBrian Tinsley Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas

Beatha cuir in eagar

Rugadh í in Chester, Sasana, i 1941, agus í ar an dara duine de thriúr deirfiúracha. Chuaigh an teaghlach go dtí an Nua-Shéalainn tar éis an Dara Cogadh Domhanda. Ar dtús chónaigh siad in Christchurch agus ansin in New Plymouth ar feadh tréimhse níos faide. Bhí a hathair ina mhinistir agus baint aige le gluaiseacht na hAtharmála Morálta. Fad is a bhí sí ag déanamh staidéir in Christchurch phós sí Brian Tinsley, páirtí ranga léi agus fisicí, agus gan a fhios aici nach bhféadfadh sí post a fháil san ollscoil fad is a bhí a fear céile ag obair ann. D’aistrigh siad go dtí Dallas in Texas i 1963, ach bhí an bac céanna uirthi ansiúd. I 1974, tar éis di na blianta a chaitheamh ag iarraidh freastal ar a muirín agus ar a cuid oibre in éineacht, d’fhág sí a fear céile agus a beirt chlainne altrama chun post a ghlacadh in Ollscoil Yale mar ollamh cúnta. D’oibrigh sí ann nó go bhfuair sí bás le hailse i 1981. Tá a cuid luaithrigh curtha i reilig an champais.

Oiliúnt cuir in eagar

Chuaigh sí ar scoil ag New Plymouth Girls' High School, agus bhain amach B.Sc. agus ansin céim Mháistir Eolaíochta i 1961 in Ollscoil Canterbury, le Céad Onóracha i bhFisic.[1] Fuair sí PhD ó Ollscoil Texas i 1966 de bharr a tráchtais Evolution of Galaxies and its Significance for Cosmology.

Obair cuir in eagar

Scríobh Tinsley cuid de na staidéir ba luaithe ar conas a théann daonraí réaltaí in aois agus ar an tionchar atá acu ar airíonna inbhreathnaithe réaltraí. Lena chois sin chuaigh sí i bpáirt le daoine eile chun taighde a dhéanamh ar mhionsamhlacha féachaint an bhfuil an chruinne iata nó ar oscailt. Ba iad na mionsamhlacha úd ba thúisce a thug léargas ar an gcruth a d’fhéadfadh a bheith ar phrótairéaltraí.

I 1974 fuair sí Duais Annie J. Cannon i Réalteolaíocht ó Chumann Réalteolaíoch Mheiriceá de bharr "outstanding research and promise for future research by a postdoctoral woman researcher".[2]

I 1977 chuir sí féin agus Richard Larson ó Yale comhdháil ar bun i dtaobh “The Evolution of Galaxies and Stellar Populations”.

I 1978 ceapadh í mar ollamh le réalteolaíocht in Ollscoil Yale. Cuireadh a páipéar eolaíoch deireanach faoi bhráid an Astrophysical Journal deich lá roimh a bás agus foilsíodh é i Mí na Samhna gan cheartú ar bith.[3][4]

Ómós cuir in eagar

I 1986 chuir Cumann Réalteolaíoch Mheiriceá an Beatrice M. Tinsley Prize ar bun, duais a aithníonn "an outstanding research contribution to astronomy or astrophysics, of an exceptionally creative or innovative character".[5] Is í an t-aon duais amháin í de chuid cumainn eolaíoch Meiriceánaigh a thugann ómós d’eolaí mná. Ní thugann sí aird ar shaoránacht an eolaí ná ar a tír chónaithe.

Aisti a baisteadh an crios mionphláinéad 3087 Beatrice Tinsley, a nochtadh i 1981 ag Mt John University Observatory in aice le Tekapo sa Nua-Shéalainn.[6]

I 1989 chuir Ollscoil Texas an Beatrice M. Tinsley Centennial Visiting Professorship ar bun de bharr maoinis, rud a ligeann d’ollamh céimiúil fanacht ar cuairt ann ar feadh seimeastair .[7] I 2007 cuireadh na Tinsley Scholars ar bun do thaighdeoirí níos óige chun cuairt ghearr a thabhairt ar Austin.

Rogha foilseachán cuir in eagar

Nótaí cuir in eagar

  1. Beatrice M. Tinsley (1962). "Theory of the crystal field in neodymium magnesium nitrate." (as en). doi:10.26021/7553. 
  2. AAS Annie J. Cannon Award in Astronomy: http://aas.org/grants/awards.php#cannon Curtha i gcartlann 2010-12-22 ar an Wayback Machine
  3. Tinsley, B. M. (1981), “Chemical evolution in the solar neighborhood. IV – Some revised general equations and a specific model,” Astrophysical Journal, Volume 250, lgh 758–768, bibcode 1981ApJ...250..758T, doi 10.1086/159425
  4. Nóta an eagarthóra: "Deceased on 1981 March 23, thus ending prematurely a distinguished career. The text of this last paper was not revised, although Michele Kaufman kindly added some clarifying definitions and comments".
  5. Beatrice M. Tinsley Prize, American Astronomical Society: http://aas.org/grants/awards.php#tinsley Curtha i gcartlann 2010-12-22 ar an Wayback Machine
  6. Citation for (3087), Minor Planet Center: http://scully.cfa.harvard.edu/~cgi/ShowCitation.COM?num=3087[nasc briste go buan]
  7. External Review 2009, University of Texas ag Austin Department of Astronomy/McDonald Observatory: http://www.as.utexas.edu/astronomy/education/review/finalexternalreport.pdf Curtha i gcartlann 2022-02-23 ar an Wayback Machine