Béising
Is í Béising (Sínis: Běijīng Shì, 北京市) príomhchathair Dhaon-Phoblacht na Síne, agus í ar ceann de na cathracha is mó daonra ar fud an domhain.
Béising | |||||
---|---|---|---|---|---|
北京市 (zh-cn) | |||||
Siombail oifigiúil | Styphnolobium japonicum, Platycladus, Rosa chinensis agus Chrysanthemum morifolium | ||||
Ainmnithe in ómós | príomhchathair agus tuaisceart | ||||
Suíomh | |||||
| |||||
Stát ceannasach | Daon-Phoblacht na Síne | ||||
Iamhchríoch laistigh de | Hebei | ||||
Príomhchathair de | |||||
Príomhchathair | Ceantar Tongzhou | ||||
Daonra | |||||
Iomlán | 19,612,368 (2010) | ||||
• Dlús | 1,195.11 hab./km² | ||||
Teanga oifigiúil | an tSínis | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Achar dromchla | 16,410.54 km² | ||||
Suite i nó in aice le limistéar uisce | Abhainn Yongding agus Qing River (en) | ||||
Airde | 43 m | ||||
Pointe is airde | Mount Dongling (en) | ||||
Ar theorainn le | |||||
Sonraí stairiúla | |||||
Leanann sé/sí | Khanbaliq agus Pei-p'ing (en) | ||||
Eachtra thábhachtach | Cath Zhongdu (1215) Siege of the International Legations (en) (1900) sléacht i gCearnóg Tiananmen (4 Meitheamh 1989) Cluichí Oilimpeacha an tSamhraidh 2008 (2008) Cluichí Oilimpeacha an Gheimhridh 2022 (2022) | ||||
Eagraíocht pholaitiúil | |||||
Comhlacht feidhmiúcháin | People's Government of Beijing Municipality (en) | ||||
Comhlacht reachtach | Beijing Municipal People's Congress (en) | ||||
• Méara Bhéising | Yin Yong (2022–) | ||||
Eacnamaíocht | |||||
OTI ainmniúil | 3,610,260,000,000 ¥ (2020) | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Cód poist | 100000 | ||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||
Glaochód | 10 | ||||
Cód ISO 3166-2 | CN-BJ agus CN-11 | ||||
Eile | |||||
Suíomh gréasáin | beijing.gov.cn |
Sa bhliain 2012 bhí fiche milliún, sé chéad nócha agus trí mhíle duine (20,693,000 duine) ina gcónaí i mBéising. Níl sí ar an gcathair is mó daonra sa tír áfach, nó tá fiche agus trí mhilliún duine ina gcónaí i Shang-hai.
Is í Béising an chathair is tábhachtaí sa tSín ó thaobh na polaitíochta agus an chultúir de. Bardasacht í cathair Bhéising atá faoi smacht díreach an rialtais náisiúnta. Tá ceithre cinn déag de cheantair uirbeacha nó fho-uirbeacha ann chomh maith le dhá chúige tuaithe.
Mol lárnach tráchta í Béising chomh maith, agus tá ceanncheathrúna na ngnólachtaí is mó faoi úinéireacht an Stáit suite ansin. Tá aerfort idirnáisiúnta Bhéising ar an dara haerfort is gnóthaí sa domhan, más i líon na bpaisinéirí a thomhaistear é.
Stair
cuir in eagarTéann stair na cathrach trí mhílaois siar. Is deacair teacht ar mhórchathair chomh fadsaolach céanna sa domhan, agus chuirfeadh teampaill, páláis, tuamaí, ballaí agus geataí stairiúla na cathrach draíocht ar aon duine.
Maidir leis an stair chomhaimseartha, ní mór an sléacht i gCearnóg Tiananmen ar an 4 Meitheamh 1989 a lua. Faoi thionchar na n-imeachtaí in Oirthear na hEorpa san am chéanna, chuaigh na mic léinn amach sna sráideanna ag agóidíocht agus ag éileamh daonlathais. Sa deireadh, cuireadh tancanna agus saighdiúirí ag ceansú na n-agóideoirí, agus dealraíonn sé go bhfuair na mílte bás de thoradh na cniogbheartaíochta seo.
Cluichí Oilimpeacha. Sa bhliain 2008, tháinig lúithnirí an domhain le chéile i mBéising le Cluichí Oilimpeacha an tSamhraidh a imirt.
Aeráid
cuir in eagarBéising – Aeráid | |||||||||||||
---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
Mí | Eanáir | Feabhra | Márta | Aibreán | Bealtaine | Meitheamh | Iúil | Lúnasa | Meán Fómhair | Deireadh Fómhair | Samhain | Nollaig | Bliain |
Meán-uasteocht an lae (°C) | 1.8 | 5.0 | 11.6 | 20.3 | 26.0 | 30.2 | 30.9 | 29.7 | 25.8 | 19.8 | 10.1 | 3.7 | 17.9 |
Meán-íosteocht na h-oíche(°C) | -8.4 | -5.6 | 0.4 | 7.9 | 13.6 | 18.8 | 22.0 | 20.8 | 14.8 | 7.9 | 0.0 | -5.8 | 7.2 |
Meán-bháisteach (mm) | 2.7 | 4.9 | 8.3 | 21.2 | 34.2 | 78.1 | 185.2 | 159.7 | 45.5 | 21.8 | 7.4 | 2.8 | 571.8 |
Foinse: |
Is síol faoi thíreolaíocht na Síne (DPS) é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |