Is long trí chrann í an Belem, nó bárc,[1] Tá cáil uirthi i measc lucht seoltóireachta agus í ar cheann dos na bárcanna trí chrann is sine ar domhan. Is long traenála í inniu ach is long an-stairiúil í.[2]

Bosca Sonraí SoitheachBelem
EapainmBelém Cuir in eagar ar Wikidata
LongchlósChantiers Dubigeon (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Tír chlárúcháin
Stair
Úinéir/í
Saintréithe teicniúla
Cineálthree-masted barque (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Fad58 m Cuir in eagar ar Wikidata
Tuilleadh eolais
MMSI227051000 Cuir in eagar ar Wikidata
Uimhir IMO8622983 Cuir in eagar ar Wikidata
Comhartha glao
Hotel
H
Lima
L
Papa
P
November
N
(Hotel-Lima-Papa-November) Cuir in eagar ar Wikidata
French object classified as a historical monument (en) Aistrigh
Am27 Feabhra 1984
AitheantóirPM44000353


Ta an t-árthach 58 méadar ar fhaid agus breis agus 530 tonna meáchain inti.[3]

Crochadh a cuid seolta don chéad uair sa bhliain 1896. Tógadh mar bhád lastais í chun pónairí cócó agus caife a iompar trasna an Atlantaigh ón mBrasaíl agus úsáideadh í chun siúcra agus rum a iompar ó na hIndiacha Thiar go Nantes sa Fhrainc.

Sa bhliain 1902 tháinig an Belem slán ó bholcán ag brúchtadh in Martinique agus in 1923, ó chrith talún sa bhliain in Yokohama sa tSeapáin.[2]

Cheannaigh Diúc Westminster an Belem sa bhliain 1914 agus rinne sé siúd árthach pléisiúir di.[3]

Sa bhliain 1921, cheannaigh Arthur Ernest Guinness ó theaghlach an phórtair an Belem. Bhí sé ina Cheannasóir ar an Royal St. George Yacht Club i nDún Laoighaire, 1921-1948, Lena iníonacha Aileen, Maureen, agus Oonagh, sheol sé mórthimpeall an domhain sa bhliain 1923.

Tar éis an Dara Cogadh Domhanda, chuir Cabhlach na hIodáile scoil seoltóireachta ar bun inti do dhílleachtaí.[3]

Sa bhliain 2024, thug an long an lasair Oilimpeach ón nGréig go Marseille.

Bád traenála

cuir in eagar

Inniu is long traenála de chuid na Fraince í, faoi bhainistíocht fondúireachta sa bhFrainc a chuireann oiliúint ar fáil do sheoltóirí. Tá an bád ag iompar criú de 16 agus 48 duine faoi oiliúint.[2]

Féach freisin

cuir in eagar
  1. i mBéárla, three-master,three masted barkship.
  2. 2.0 2.1 2.2 Conradh na Gaeilge, Londain (3 Lúnasa 2024). "‎Nuacht Mhall (Ciarraí)" (ga-IE). Apple Podcasts. Dáta rochtana: 2024-08-03.
  3. 3.0 3.1 3.2 Seán Mac an tSíthigh / Nuacht RTÉ (2024-07-31). "Bád seoil cáiliúil an Belem ag tabhairt chúrsa na hÉireann" (as ga-IE).