Bòrd na Gàidhlig
Is é Bòrd na Gàidhlig an comhlacht neamhrannach poiblí de chuid Rialtas na hAlban atá freagrach as Gaeilge na hAlban a chur chun cinn.[1] Bunaíodh é sa bhliain 2005 le hAcht de chuid Pharlaimint na hAlban (a tháinig i bhfeidhm go luath in 2006) agus tá sé lonnaithe in Inbhir Nis.
Sonraí | |
---|---|
Cineál | comhlacht neamhrannach poiblí rialálaí teanga Gaeilge na hAlban |
Stair | |
Dáta a bunaíodh | 13 Feabhra 2006 |
Rialachas corparáideach | |
Ceanncheathrú | |
Líon fostaithe | 23 |
Cuid de | Rialtas na hAlban |
Suíomh gréasáin | http://www.gaidhlig.scot/ |
Struchtúr
cuir in eagarTá ochtar ar an mbord stiúrtha, in éineacht le cathaoirleach (cathraiche) amháin. Tugann an bord stiúrtha “ceannaireacht, treorú, tacaíocht, agus comhairle” don Bhòrd agus don fhoireann a chuireann obair an Bhòrd i ngníomh ó lá go lá. Is é an ceannard (príomhfheidhmeannach) atá i gceannas ar an bhfoireann.[2]
Stair
cuir in eagarIn 2006, ceapadh Bòrd na Gàidhlig mar an comhlacht atá freagrach as Acht na Gàidhlig 2005 a chur i bhfeidhm, go sonrach, mar atá sé leagtha amach san Acht, “stádas na Gàidhlig a dhaingniú mar theanga oifigiúil de chuid na hAlban a bhfuil meas uirthi ar aon chéim le Béarla”. [3] Tá an Bòrd ina chuid lárnach de straitéis Rialtas na hAlban ar son na Gàidhlig faoin gCairt Eorpach um Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh.
Cathraichean (Cathaoirligh)
cuir in eagar- 2002 – 2005: Donnchadh MacFheargais
- 2006 – 2008: Mata MacÌomhair
- 2008 – 2009: Art MacCormaig (eatramhach)
- 2009 – 2012: Art MacCormaig
- 2012 – 2013: Ealasaid Nic an t-Saoir (eatramhach)
- 2013[4] – 2014:[5] Iain Caimbeul
- 2014 – 2015: Ailean Dòmhnallach (eatramhach)
- 2015–2018:[6] Ailean Dòmhnallach
- 2018–: Màiri T. NicAonghais (eatramhach)[7]
Ceannardan (Príomhfheidhmeannaigh)
cuir in eagar- 2000 – 2015-03: Iain Aonghais MhicAoidh
- 2015-03 – 2015-06: [8] Iain Caimbeul
- 2016-06– :[9] Seona NicIllInnein
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ "About the 'Bòrd na Gàidhlig' (English) ", gaidhlig.org.uk, 2006, Retrieved 5 April 2010
- ↑ "Bòrd na Gàidhlig Framework Document" . Dáta rochtana: 22 July 2015.
- ↑ Gaelic Language (Scotland) Act 2005, http://www.legislation.gov.uk/asp/2005/7/contents, retrieved 24-6-2011
- ↑ Cathraiche ùr do Bhòrd na Gàidhlig
- ↑ BBC Naidheachdan 2014-12-02: Ceannard ùr air Bòrd na Gàidhlig
- ↑ BBC Naidheachdan 2015-06-02: Ailean Dòmhnallach Cathraiche ùr Bòrd na Gàidhlig
- ↑ Teimpléad:Iomradh lìon
- ↑ BBC Naidheachdan 2015-07-01: Eas-aonta aig Bòrd na Gàidhlig
- ↑ BBC Naidheachdan 2016-03-23: Ceannard ùr air Bòrd na Gàidhlig