Bivoj
laoch Seiceach miotasach
Tá Bivoj ina laoch finscéalach Seiceach. De réir an tseanchais, bhí ar Bivoj greim cluaise a bhreith ar thorc allta ar Chnoc Kavčí, é a chur ar a dhroim agus a iompar go dtí Vyšehrad, agus sa chaoi sin lámh Kazina a bhuachan. D'úsáideadh a mhac is sine, Rodislav, ceann toirc allta ina armas i gcuimhne ar an éacht seo.
Cineál | carachtar miotasach |
---|---|
Dáta | |
Inscne | fireann |
Muintir | |
Céile | Kazi (en) |
Is í Croinic Dalimil an foinse is luaithe sa Bhoihéim ina bhfuil scéal faoi thorc (nó muc) a gabhadh sa chaoi seo, ach sa chuntas sin, ní é Bivoj an príomhcharachtar, ach Jetřich na Buzic († 1110).
Ba é Václav Hájek ó Libočany an chéad duine a luaigh Bivoj sa chomhthéacs seo. Ina Chroinicse, shuigh sé an scéal i dtréimhse fhinscéalach le linn réimeas an Bhanphrionsa Libuša.
Aimníodh an t-astaróideach 5797 in ómós Bivoj.