Blàr Dhùn Neachdain
Troideadh Blàr Dhùn Neachdain (Gaeilge: Cath Dhún Nechtain) idir na Cruithnigh, faoi cheannas an Rí Bridei Mac Bili, agus Northumbria faoi cheannas an Rí Ecgfrith, ar 20 Bealtaine 685.
Cineál | cath |
---|---|
Dáta | 20 Bealtaine 685 |
Comhordanáidí | 56° 38′ N, 2° 48′ O / 56.63°N,2.8°W |
Áit | Dùn Neachdain agus Dunachton (en) |
Rannpháirtithe | Na Cruithnigh, Ríocht Northumbria, Bridei III (en) agus Ecgfrith of Northumbria (en) |
Bhí mórcheannas ag Northumbria ar thuaisceart na Breataine, a bhuaigh réamhtheachtaithe Ecgfrith, ach bhí an t-údarás seo tosaithe ag titim as a chéile. Bhí éirí amach ag go leor de na náisiúin faoi ghéillsine ag Northumbria, le blianta beaga anuas, rud a d'fhág go raibh roinnt cathanna ar scála mór i gcoinne na gCruithneach, na Mersiach agus na nGael, agus go raibh rath éagsúil orthu. Tar éis do na Cruithnigh, léigear do chur ar chríocha comharsanacha, threoraigh Ecgfrith a fhórsaí ina gcoinne, d'ainneoin comhairle dá mhalairt, d'fhonn a cheannasaíocht ar na náisiúin de chuid na gCruithneach a athdhearbhú.
Tar éis cúlú, mar dhea, na gCruithneach, do tharraing na Cruithnigh fórsaí Northumbria isteach i luíochán i nDún Nechtain in aice Linn Garan. Ceaptar le fada an lá go raibh láthair an chatha in aice le sráidbhaile Dhùn Eachain i gComhairle Aonghais inniu. Tá moladh ag taighde a rinneadh le déanaí, áfach, go bhfuil suíomh níos faide ó thuaidh in aice le Dùn Neachdain, ar chladach Loch Innis agus Ceann na Creige i mBàideanach.
Chríochnaigh an cath le bua cinntitheach na gCruithneach a lagaigh go mór cumhacht Northumbria i dtuaisceart na Breataine. Maraíodh Ecgfrith sa chath, mar aon leis an gcuid is mó dá arm. Bhain bua na gCruithneach a neamhspleáchas ó Northumbria, nach bhfuair a gceannasaíocht amach riamh arís sa tuaisceart.