Bob Beamon

lúthchleasaí Meiriceánach

Is iarlúthchleasaí Meiriceánach é Bob Beamon (a rugadh 29 Lúnasa 1946) ar fearr aithne air as a churiarracht dhomhanda sa léim fhada ag Cluichí Oilimpeacha Chathair Mheicsiceo i 1968. Lena léim 8.90m, bhuaigh sé an bonn óir agus sháraigh sé an churiarracht a bhí ann ag an am le 55cm. Sheas an léim sin mar churiarracht an domhain ar feadh 23 bliain, go dtí gur sháraigh Mike Powell í sa bhliain 1991 le 8.95m. Tá léim Beamon fós ina curiarracht Oilimpeach agus is í an dara léim is faide riamh (gan chuidiú ón ghaoth).

Infotaula de personaBob Beamon

(2012) Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith29 Lúnasa 1946
78 bliana d'aois
Jamaica, New York Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Stáit Talmhaíochta agus Theicniúil Carolina Thuaidh
Ardscoil Jamaica
Ollscoil Texas, El Paso
Ollscoil Adelphi Cuir in eagar ar Wikidata
Meáchan70 kg
Airde191 cm Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmiomaitheoir lúthchleasaíochta, cispheileadóir Cuir in eagar ar Wikidata
Tír spóirtStáit Aontaithe Mheiriceá Cuir in eagar ar Wikidata
Spórtlúthchleasaíocht
cispheil Cuir in eagar ar Wikidata
Disciplín spóirtléim fhada Cuir in eagar ar Wikidata
Ghlac sé/sí páirt i
1968Cluichí Oilimpeacha an tSamhraidh 1968 Cuir in eagar ar Wikidata
Síniú

World Athletics: 14344992 Olympic.org: bob-beamon Cuir in eagar ar Wikidata

Luathshaol

cuir in eagar

Rugadh Robert Beamon in Iamáice Theas, Queens, Nua-Eabhrac, do Naomi Brown Beamon agus d'fhás sé aníos in árasán de chuid Údarás Tithíochta Nua-Eabhrac. Nuair a bhí Beamon ocht mí d’aois, fuair a mháthair bás den eitinn, agus, mar thoradh ar phríosúnú a leasathar, fágadh faoi chúram a sheanmháthar, Bessie, é.[1]

Nuair a bhí Beamon ag freastal ar ardscoil, tháinig Larry Ellis, traenálaí lúthchleasaíochta cáiliúil, air. Bhris sé an churiarracht náisiúnta ardscoile sna trí léim i 1965.

Thosaigh Beamon a ghairm ag an tríú leibhéal ag Ollscoil Stáit Talmhaíochta agus Theicniúil Carolina Thuaidh, sa chaoi go mbeadh sé i ngar dá sheanmháthair a bhí tinn ag an am. Tar éis di bás a fháil, d'aistrigh sé go dtí Ollscoil Texas, El Paso (UTEP), áit a bhfuair sé scoláireacht lúthchleasaíochta.[2]

Sa bhliain 1967, bhain sé an chraobh náisiúnta AAU sa léim fhada (taobh istigh), agus bhuaigh sé an bonn airgid sna Cluichí Pan-Mheiriceánacha sa léim fhada freisin.

Briseadh Beamon agus aon duine dhéag de lúthchleasaithe Afrai-Mheiriceánacha eile ó fhoireann lúthcheasaíochta UTEP, an tseachtain tar éis feallmharú Martin Luther King Jr., as páirt a ghlacadh i mbaghcat in aghaidh Ollscoil Brigham Young mar gheall ar theagasc ciníoch sa Leabhar Mormannach.[2][3] Cé gur chaill sé a scoláireacht lúthchleasaíochta, d'fhill Beamon ar UTEP chun leanúint lena chuid staidéir tar éis na Cluichí Oilimpeacha i gCathair Mheicsiceo.

Cluichí Oilimpeacha an tSamhraidh 1968

cuir in eagar
 
“An léim fhoirfe”, Cathair Mheicsiceo, 1968

Chuaigh Beamon isteach i gCluichí Oilimpeacha an tSamhraidh 1968 i gCathair Mheicsiceo mar rogha na coitiantachta chun an bonn óir a thabhairt leis, tar éis dó 22 as na 23 comórtas ar ghlac sé páirt iontu an bhliain sin a bhuachan, sáriarracht phearsanta 8.33m san áireamh. Sna Cluichí Oilimpeacha féin, ba bheag nár chaill sé an babhta ceannais, tar éis dhá léim neamhbhailí sa mbabhta cáilithe. Gan ach iarracht amháin fágtha, d'atomhais sé a ruthag, agus léim sé roimh an bpreabchlár, le bheith cinnte go mbeadh léim bhailí aige. Sa mbabhta ceannais, bhí dianchomórtas roimhe. Bhí beirt ann a raibh bonn óir Oilimpeach acu cheana, an Meiriceánach Ralph Boston a bhuaigh an léim fhada sa Róimh i 1960, agus Lynn Davies ón Bhreatain Bheag a thug an chraobh leis i dTóiceo i 1964. Bhí an Sóivéadach Igor Ter-Ovanesyan i láthair freisin, fear a raibh dhá bhonn cré-umha Oilimpeacha aige, agus a léim 8.35m bliain amháin roimhe sin, cothrom leis an gcuriarracht dhomhanda a rinne Boston i 1965.

 
Bob Beamon

Ar 18 Deireadh Fómhair, sháraigh Beamon an churiarracht dhomhanda lena chéad léim de 8.90m, 55cm níos faide ná an churiarracht a bhí ag Boston agus Ter-Ovanesyan le chéile. Ní raibh taithí ag Beamon ar an gcóras méadrach, agus nuair a fógraíodh an fad sa staid, níor thuig Beamon an t-éacht a bhí déanta aige. Nuair a mhínigh Ralph Boston an scéal dó, lúb a chosa faoi agus bhuail taom cataipléise é, spreagtha ag an suaitheadh mothúchánach. D'inis Lynn Davies do Beamon go raibh sé tar éis an léim fhada a mhilleadh: “You have destroyed this event”. Rugadh téarma nua Béarla an lá sin freisin, an aidiacht “Beamonesque” mar chur síos ar éacht dochreidte.

Roimh léim Beamon, briseadh an churiarracht dhomhanda trí huaire déag ó 1901, le méadú 6cm ar an meán, agus ba é 15cm an méadú is mó. Sna blianta tar éis 1968, measadh nach sárófaí curiarracht Beamon riamh. Níor léim aon duine eile fiú 8.50m go dtí 1979.[4][5] Sheas an churiarracht ar feadh 23 bliain go dtí gur briseadh é i 1991 nuair a léim Mike Powell 8.95m ag Craobhchomórtais an Domhain i dTóiceo. Tá léim Beamon fós ina curiarracht Oilimpeach agus is í an dara léim is faide riamh gan chuidiú ón ghaoth.

  1. Robert Beamon”. Dáta rochtana: 6 Samhain 2022.
  2. 2.0 2.1 Williams, Lena. "TRACK AND FIELD; Soothing an Old Ache", The New York Times, 1 Eanáir 2000. Dáta rochtana: 7 Samhain 2007.
  3. Jack Olsen, The black athlete: a shameful story, pp 65-76.
  4. "Myricks's Jump Is 2d Longest" (27 Lúnasa 1979).
  5. "Mennea Nips Wells In Olympic Drama". The Washington Post.