Martin Luther King

Gníomhaí polaitiúil as Atlanta, Georgia, Stáit Aontaithe Mheiriceá ab ea Martin Luther King, Jr. (15 Eanáir, 19294 Aibreán, 1968). Ba cheannaire an-tábhachtach é King i rith Ghluaiseacht Chearta Sibhialta Mheiriceá sna 1950í agus sna 1960í[1]. Tá cáil air de bharr a chuid oibre ar son chearta daonna na nGormach i Stáit Aontaithe Mheiriceá[2].

Martin Luther King
Martin Luther King, Jr..jpg
Saol
Ainm iomlánMichael King Jr.
Eolas breitheAtlanta, 15 Eanáir 1929
NáisiúntachtStáit Aontaithe Mheiriceá
Grúpa eitneachMeiriceánaigh Afracacha
BásMemphis, Tennessee, 4 Aibreán 1968
Áit adhlacthaMartin Luther King Jr. National Historical Park (en) Aistrigh
Cúis bháisdúnmharú (tráma balaistíoch)
Maraithe agJames Earl Ray
Muintir
AthairMartin Luther King Sr.
MáthairAlberta Williams King
Céile/CéilíCoretta Scott King  (Meitheamh 18, 1953 -  Aibreán 4, 1968)
Páistí
Siblíní
Teaghlach
liosta iomláin
Oideachas
Alma materCandler School of Theology (en) Aistrigh
Boston University School of Theology (en) Aistrigh
David T. Howard High School (en) Aistrigh
Washington High School (en) Aistrigh
Coláiste Morehouse
(1944 - 1948) Baitsiléir Ealaíon : socheolaíocht
Crozer Theological Seminary (en) Aistrigh
(1948 - 1951) Bachelor of Divinity (en) Aistrigh
Boston University
(1951 - Meitheamh 5, 1955) céim dochtúireachta : systematic theology (en) Aistrigh
Leibhéal oideachaiscéim dochtúireachta
Stiúrthóir tráchtaisLotan Harold DeWolf
Teangachaan Béarla
Gairm
Gairmcivil rights advocate (en) Aistrigh, diagaire, seanmóirí, ministir, scríbhneoir, tréadaí, pacifist (en) Aistrigh, daonnúlach, gníomhaí ar son chearta an duine, gníomhaí síochána agus polaiteoir
Airde168.9 cm
FostóiríDexter Avenue Baptist Church (en) Aistrigh
Ebenezer Baptist Church (en) Aistrigh
Vrije Universiteit Amsterdam
Duaiseanna
Ainmníodh é/í le haghaidh
Daoine le tionchar air/uirthiReinhold Niebuhr, Howard Thurman, Walter Rauschenbusch, Henry David Thoreau agus Mahatma Gandhi
BallraíochtAcadamh Ealaíona agus Eolaíochtaí Mheiriceá
Southern Christian Leadership Conference (en) Aistrigh
Alpha Phi Alpha (en) Aistrigh
Progressive National Baptist Convention (en) Aistrigh
Gluaiseachtcivil rights movements (en) Aistrigh
nonviolence (en) Aistrigh
labor movement in the United States (en) Aistrigh
civil rights movement (en) Aistrigh
Féile
Martin Luther King Jr. Day (en) Aistrigh
Cleamhnú
ReiligiúinBaisteachas
IMDbnm0455052
thekingcenter.org
Discogs ID465585
Martin Luther King Jr Signature2.svg

Muintir agus cúlraCuir in Eagar

Rugadh King in Atlanta, Georgia don Oirmhinneach Martin Luther King Sinsearach agus Alberta Williams King. Bhain sé céim amach i Socheolaíocht (Baitsiléir Ealaíon) ag Coláiste Moorehouse sa bhliain 1948. Bhí an tUachtarán Benjamin Mays, ceannaire de chuid ghluaiseacht na gcearta sibhialta, ina dhuine de mhúinteoirí King i Moorehouse. Bhain sé céim eile amach i gCliarscoil Diagachta Crozer (Baitsiléir sa Diagacht) sa bhliain 1951.

Sa bhliain 1955 fuair sé céim dochtúireachta (Ph.D.) sa Diagacht Chórasach ó Ollscoil Bhostúin. Nuair a bhí sé ar an Ollscoil léigh sé faoi Mahatma Gandhi agus bhí sé an-tógtha lena chuid smaointe faoi feachtasaíocht shíochánta.

Phós King Coretta Scott ar 18 Meitheamh, 1953. Rinne athair King searmanas na bainise i dteach thuismitheoirí Scott i Marion, Alabama.

Bhí ceathrar clainne ag King agus Scott:

 
Montgomery 1958: gabhadh MLK as bheith ag síománaíocht, creid nó ná creid

Dála a n-athar, bhí gach duine acu mar cheannairí de chuid ghluaiseacht na gcearta sibhialta. Tá tuairimí difriúla acu, áfach, ar cheisteanna éagsúla.

Cailleadh bean King, Coretta Scott, ar 30 Eanáir, 2006.

 
Seoladh a leabhair "Why We Can't Wait", 1964

PolaitíochtCuir in Eagar

 
"I Have a Dream" 28 Lúnasa 1963.
  • Ar an 1 Nollaig 1955, dhiúltaigh Rosa Parks dul go cúl an bhus agus suíochán a thabhairt d’fhear den chine geal. Gabhadh í agus fuarthas ciontach as mí-iompar í, in aghaidh an dlí áitiúil. An oíche dár gcionn, chruinnigh caoga taoisigh den chine gorm le chéile chun an eachtra a phlé, agus labhair sagart anaithnid, den ainm Martin Luther King leo. Shocraigh siad baghcat a eagrú in aghaidh an chórais bus i Montgomery. Spreag an agóid seo an mionlach go mór agus thosaigh an troid in aghaidh an chiníochais sna Stáit Aontaithe i ndáiríre. Cuireadh Martin Luther King sa phríosún[3] ar feadh 381 lá agus fad a bhí sé istigh sa phríosún fuair daoine dubha cead suí cibé áit a bhí siad ag iarradh ar an mbus[4].
  • Scannán The March
    Ar an 28 Lúnasa 1963, thug Martin Luther King a óráid cáiliúil "I Have A Dream" i Washington, D.C.
  • 7 Márta 1965ː buaileadh go fíochmhar dream a bhí ag agóidíocht ar mhaithe le ceart vótála do dhaoine dubha, ag droichead Edmund Pettus ar U.S. Route 80, idir Selma agus Montgomery. ‘Domhnach na Fola’ a tugadh ar an eachtra.
  • Ar an 21 Márta 1965, chuir Martin Luther King tús le mórshiúl agóide eile ó Selma go Montgomery, Alabama; 87 km in iomlán ar U.S. Route 80; ar an 25 Márta, shroich an lucht agóide Montgomery agus bhí 25,000 duine ann, a tháinig as áiteacha ar fud na tíre.[5]
  • 6 Lúnasa 1965ː Shínigh an tUachtarán Lyndon Johnson an tAcht um Chearta Vótála[6].
  • Sa bhliain 1967, scríobh sé "Christmas Sermon on Peace"[7].
  •  
    Lyndon Johnson agus MLK
    Ar an 28 Márta 1968, chuaigh Martin Luther King go dtí Memphis, Tennessee don léirsiú “Is Fear Mé” (bhí plaiceaird á n-iompar ag na léirsitheoirí, "I am a man"). Bhí drochrudaí á dtuar do King faoi áfach. Ní raibh an Southern Christian Leadership Conference sásta nuair a d'fhill King chuig Memphis[8]. Bhí eagla orthu go dtiocfadh foréigean as an agóid seo. Agus nuair a d'imigh an lucht máirseála leo níos déanaí, ionsaíodh iad gan taise gan trócaire. Caitheadh daoine a fuarthas i mbun creachta (mharaigh na póilíní buachaill 16 bliain le gunna gráin.

FeallmharúCuir in Eagar

Feallmharaíodh King ar an 4 Aibreán, 1968 i Memphis, Tennessee. Bhris círéibeacha amach tar éis feallmharú Martin Luther King.

D'admhaigh James Earl Ray go raibh sé ciontach. Bhí tuairimí ciníocha ag Ray, (ba mhionchoirpeach é). Ar an 10 Márta 1969, gearradh téarma príosúin 99 bliain ar Ray as King a fheallmharú.

OidhreachtCuir in Eagar

In imeacht na mblianta, tá scéalta agus conspóidí eile tagtha amach faoi shaol Martin Luther King[9] – idir scéalta faoi radaireacht i measc ban agus a chlaonta polaitiúla. Ach níl aon amhras faoi thábhacht a bheartaíochta ar son cearta sibhialta sna Stáit Aontaithe ná níl aon amhras faoin athrú chun feabhais a chur sé ar stair na tíre sin.

OnórachaCuir in Eagar

  • Ceiliúrtar Martin Luther King timpeall an 15 Eanáir (a bhreithlá) gach bliain i SAM.

Féach freisinCuir in Eagar

LeabharliostaCuir in Eagar

  • Stride toward freedom; the Montgomery story (1958)
  • The Measure of a Man (1959)
  • Strength to Love (1963)
  • Why We Can't Wait (1964)
  • 'Where do we go from here: Chaos or community? (1967)
  • The Trumpet of Conscience (1968)
  • A Testament of Hope : The Essential Writings and Speeches of Martin Luther King, Jr. (1986)
  • The Autobiography of Martin Luther King, Jr. (1998), ed. Clayborne Carson

TagairtíCuir in Eagar

  1. http://www.forasnagaeilge.ie/wp-content/uploads/2015/11/18-Martin-Luther-King-FT-R5.pptx
  2. https://www.examinations.ie/t[nasc briste go buan]
  3. Sa sliocht seo, tá Martin Luther King ag tabhairt freagra orthu siúd a dúirt gur chóir go mbeadh daoine gorma foighdeach agus iad ag feitheamh le cearta sibhialta. "Ach nuair atá dronga ainbhéasacha feicthe agat ag crochadh do mháthar agus d’athar dá ndeoin féin agus ag báthadh do dheirfiúracha agus do dheartháireacha le taghd; nuair atá póilíní lán amach d’fhuath agus de ghráin feicthe agat ag eascainí, ag ciceáil agus fiú ag marú do dheartháireacha agus do dheirfiúracha gorma; nuair atá tromlach mór do chomhbhráithre Gorma, fiche milliún díobh, feicthe agat ag plúchadh i gcás múchta an bhochtanais i lár an rachmais agus an ghustail; nuair a dhéantar ciapadh ort i gcaitheamh an lae agus go bhfuil tú cráite i gcaitheamh na hoíche gur Gormach tú, ag maireachtáil de shíor ar bharr méireanna an dá chos...sin é an uair a thuigfidh tú gur deacair linn feitheamh go foighdeach. (Martin Luther King, litir as Príosún Birmingham, Aibreán 1963) SCRÚDÚ ARDTEISTIMÉIREACHTA:   STAIR - GNÁTHLEIBHÉAL -PÁIPÉAR SCRÚDAITHE SAMPLACHhttps://www.examinations.ie/exam/LCHistorySampleOL_LM_IV.pdf Curtha i gcartlann 2017-11-14 ar an Wayback Machine
  4. "Nelson Mandela agus Martin Luther King | COGG" (ga-GA). Dáta rochtana: 2021-03-21.
  5. "Selma to Montgomery marches" (as en) (2021-03-15). Wikipedia. 
  6. https://tuairisc.ie/ag-cuimhniu-ar-acht-cinniunach-cearta-sibhialta-i-meiricea-agus-saol-martin-luther-king/
  7. A Christmas Sermon on Peace (24 Nollaig 1967, CBC): "Sula mbíonn do bhricfeasta ite ar maidin agat, tá tú faoi chomaoin ag breis is leath an domhain. Sin mar atá an domhan againne leagtha amach. Ní bheidh síocháin ar domhan againn go dtí go n-athnímid an fhíric bhunúsach seo." http://www.ecoflourish.com/Primers/education/Christmas_Sermon.html Curtha i gcartlann 2018-01-11 ar an Wayback Machine aistrithe ag https://www.examinations.ie/t[nasc briste go buan]
  8. "King's Last March | King's Last March | APM Reports". features.apmreports.org. Dáta rochtana: 2021-03-21.
  9. Máirtín Ó Catháin (2015). "Ag cuimhniú ar Acht cinniúnach cearta sibhialta i Meiriceá – agus saol Martin Luther King" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-03-21.