Rosa Parks
Bean den chine gorm sna Stáit Aontaithe ab ea Rosa Louise McCauley Parks (4 Feabhra 1913 - 24 Deireadh Fómhair 2005). Bhain sí clú agus cáil amach di féin san fheachtas chun cearta sibhialta a bhaint amach don chine gorm.
SaolCuir in Eagar
Rugadh Rosa Parks in Alabama agus tógadh í ar fheirm lena seantuismitheoirí, a máthair agus a deartháir.
Ag tús na gcaogaidí bhí Rosa Parks ag obair leis an NAACP ar son cearta sibhialta don mhionlach i Montgomery, Alabama. Bhí oiliúint á fáil aici i gcúrsaí a bhí bainteach le cearta sibhialta.
EasumhlaíochtCuir in Eagar
Ar an 1 Nollaig 1955, bhí Parks ag taisteal ar bhus plódaithe. D'iarr an tiománaí uirthi a suíochán a thabhairt suas d’fhear geal.[1] Bhí Parks tuirseach traochta den mhíchothromaíocht agus sheas sí an fód. Gabhadh í agus fuarthas ciontach as mí-iompar í, in aghaidh an dlí áitiúil.
An oíche dár gcionn, chruinnigh caoga taoisigh den chine gorm le chéile chun an eachtra a phlé, agus labhair sagart anaithnid, den ainm Martin Luther King leo. Shocraigh siad baghcat a eagrú in aghaidh an chórais bus i Montgomery.[2] Níor thaistil fiú duine amháin den chine gorm ar na busanna ar feadh 381 lá.
TioncharCuir in Eagar
Spreag an agóid seo an mionlach go mór agus thosaigh an troid in aghaidh an chiníochais sna Stáit Aontaithe i ndáiríre.
Chuir gaisce Parks ceist chearta sibhialta an chine ghoirm os comhair phobal na Stát Aontaithe.
Duine iomráiteach san fheachtas le haghaidh cearta sibhialta ab ea Rosa Parks sna blianta dar gcionn. Bhí cónaí uirthi i Detroit go dtí a bás ar an 24 Deireadh Fómhair 2005 (in aois 92 di; tháinig néaltrú srl uirthi).[3]
TagairtíCuir in Eagar
- ↑ "Nelson Mandela agus Martin Luther King | COGG" (ga-GA). Dáta rochtana: 2020-10-24.
- ↑ ccea.org.uk. "Beatha le Bua - Martin Luther King". Dáta rochtana: 2020.
- ↑ "Rosa Parks - Life, Bus Boycott & Death - Biography". www.biography.com. Dáta rochtana: 2020-10-24.
|
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
:D