Speiceas bumbóige san fhine Apidae is ea Bombus muscorum, ar a dtugtar an bhumbóg charda caonaigh go coitianta. Tá an speiceas le fáil ar fud na hEoráise i ndaonraí ilroinnte, ach is minic a fhaightear é san Bhreatain Mhór agus in Éirinn. [1][2] Is feithid eoshóisialta é B. muscorum, le banríonacha ag teacht chun cinn as gheimhriúchán i mí na Bealtaine,na beacha oibre i láthair ó mhí an Mheithimh ar aghaidh agus fireannaigh agus baineannaigh nua ó Iúil go luath i mí Mheán Fómhair. Déantar neadacha os cionn na talún i bhféarach ard ach oscailte. Tá sé ar cheann de na bumbóga carda a bhailíonn caonach agus féar tirim chun clúdach na neide a dhéanamh. Le blianta beaga anuas, tá laghdú suntasach tagtha ar a dhaonra mar gheall ar chailliúint gnáthóg nádúrtha. Tá B. muscorum liostaithe faoi láthair mar 'leochaileach' san Eoraip ag 'Liosta Dearg Eorpach na mBeach'. [3]

WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoBombus muscorum Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Taifead

Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtAnimalia
FíleamArthropoda
AicmeInsecta
OrdHymenoptera
FineApidae
TreibhBombini
GéineasBombus
SpeiceasBombus muscorum Cuir in eagar ar Wikidata
Linnaeus, 1758

Tagairtí cuir in eagar

  1. Map of Bombus muscorum”. Discover Life (American Museum of Natural History). Dáta rochtana: 24 December 2012.
  2. Bombus muscorum (Linnaeus,1758) | BWARS”. www.bwars.com. Dáta rochtana: 2015-09-26.
  3. Nieto (2014). "European Red List of Bees": 12. European Commission.