Boogie Woogie Bugle Boy
Is amhrán léimghormacha (Béarla: jump blues) ón Dara Cogadh Domhanda é “Boogie Woogie Bugle Boy” le Don Raye agus Hughie Prince. Ba iad na Deirfiúracha Andrews a chan an t-amhrán den chéad uair sa scannán grinn Buck Privates (1941) le Abbott agus Costello.[1] Shroich an ceirnín a thaifead na Deirfiúracha Andrews le Decca uimhir a sé ar chairteacha popcheoil SAM in earrach na bliana 1941. Is é an séú hamhrán ar liosta Amhráin an Chéid. Rinne Bette Midler taifeadadh ar an amhrán sa bhliain 1972, agus bhain sé an barr-10 amach sna cairteacha Billboard sna Stáit Aontaithe.
Cineál | saothar ceoil |
---|---|
Taibheoir | na Deirfiúracha Andrews agus Bette Midler |
Foilsithe | 1941 |
Teanga | Béarla |
Liriceoir | Don Raye agus Hughie Prince |
Cumadóir | Don Raye agus Hughie Prince |
Léiritheoir | luach ar iarraidh |
Ainmníodh “Boogie Woogie Bugle Boy” do Ghradam an Acadaimh don Amhrán is Fearr ach bronnadh an gradam ar “The Last Time I Saw Paris”.[2]
Tá an t-amhrán bunaithe go dlúth ar amhrán níos luaithe de chuid Raye agus Prince, “Beat Me Daddy, Eight to the Bar,” a bhaineann le sárphianódóir boogie-woogie.[3]
Scéal
cuir in eagarDe réir na liricí, coinscríobhadh trumpadóir mór le rá as Chicago, Illinois isteach in Arm na Stát Aontaithe, ach ní raibh de chúram aige ach an dúiseacht a sheinm gach maidin. Tá sé faoi ghruaim toisc nach féidir leis boogie-woogie a sheinm, go dtí go ndéanann an captaen trua dó agus coinscríobhann sé ceoltóirí eile. Mar thoradh, tá an trumpadóir in ann an dúiseacht a sheinm ina stíl féin, rud a imríonn tionchar dearfach ar an gcuid eile den chomplacht.
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Furmanek, Bob and Ron Palumbo. "Abbott and Costello in Hollywood." Perigee Books, 1990.
- ↑ “The 14th Academy Awards | 1942”. Oscars.org.
- ↑ Palumbo, Ron. "Buck Privates: The Complete Filmscript." Bear Manor Media.