Breandán Delap

iriseoir, léirmheastóir agus údar Éireannach

Iriseoir, léirmheastóir agus údar é Breandán Delap. Saolaíodh i nGaoth Dobhair é sa bhliain 1965. Bhain sé céim san Oideachas amach ó Choláiste Naomh Muire na Trócaire, Carysfort, agus Máistreacht sa Ghaeilge ó Ollscoil Náisiúnta na hÉireann, Má Nuad. Bhí Delap ina chéad eagarthóir ar nuachtán Gaeilge, Foinse, ó 1996 go 2003. Fuair sé post mar Chlár-Eagarthóir le Nuacht TG4 ina dhiaidh sin. Bronnadh Gradam ‘Iriseoir na Bliana’ air faoi bhrat duaiseanna náisiúnta iriseoireachta an ESB sa bhliain 2003 de bharr iniúchadh a rinne sé ar ionsaithe gnéis i gcoláistí samhraidh thar tréimhse 40 bliain. Sa bhliain 2000 bronnadh Gradam IFTA air don chlár faisnéise Mad Dog Col agus bhuaigh sé an phríomhdhuais don iriseoireacht chlóite in Oireachtas na bliana 1998. Tá sé ina léirmheastóir drámaíochta fosta ag The Irish Times in iarthar na hÉireann. Tá sé ina chónaí sa Spidéal.

Infotaula de personaBreandán Delap
Beathaisnéis
Breith1965
58/59 bliana d'aois
Gaoth Dobhair, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmscríbhneoir Cuir in eagar ar Wikidata

Twitter: Jimigogola Cuir in eagar ar Wikidata