Briogáid Otharsheirbhíse Naomh Eoin na hÉireann

Eagraíocht charthanachta dheonach i bPoblacht na hÉireann is ea Briogáid Otharsheirbhíse Naomh Eoin na hÉireann (as Béarla: The St. John Ambulance Brigade of Ireland, SJAB). Mar gheall ar saincheisteanna bunreachtúla, ní lán-bhalleagraíocht de Chumann Naomh Eoin nó de hOtharsheirbhís Naomh Eoin í (ar cothrom le heagraíochtaí i dtíortha eile), ach áirítear gur "associated body" (comhlacht gaolmhar) é.[1] Príomhaidhm na Briogáide ná cur chun cinn na garchabhrach; gabhann sí do thraenáil gharchabhrach don phobal, seirbhís gharchabhrach a sholáthar ag ócáidí, othair a hiompar agus seirbhísí cúraim don phobal a chur ar fáil.

Bosca Sonraí EagraíochtaBriogáid Otharsheirbhíse Naomh Eoin na hÉireann
Sonraí
Cineáleagraíocht Cuir in eagar ar Wikidata
Táscaire eacnamaíoch
Ioncam iomlán610,748 € (2017) Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinstjohn.ie Cuir in eagar ar Wikidata
Facebook: stjohn.ie Twitter: stjohnie Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh geografach
  • Map

Baill shinsearacha cuir in eagar

Coimisinéir láithreach na Briogáide ná an tUas. John Hughes. Bíonn sé i gceannas ar Leas-Choimisinéir, Ard-Cheannfort agus Coimisinéirí Chúnta, chomh maith le hOifigigh Fhoirne agus Oifigigh Cheantair. Cathaoirleach Chomhairle Bhriogáid Otharsheirbhíse Naomh Eoin na hÉireann, agus Uachtarán na Briogáide, ná an tUas. Bill Fleming.

Stair cuir in eagar

Bhunaigh an Dr (níos déanaí, an Ridire) John Lumsden an chéad rannán de Otharsheirbhís Naomh Eoin in Éirinn riamh, ag grúdlann Guinness i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1903. Mar gheall ar an ról a bhí aige ag Guinness (Oifigeach Míochaine), iarradh air traenáil gharchabhrach a chur ar fáil d'fhostaithe ag Geata San Séamais; d'éirigh leis na ranganna i measc na bhfostaithe agus cláraíodh 100 garchabhróir le Rannán Geata San Séamais i 1904. Cuireadh bun le Rannán Cathair Átha Cliath, an chéad rannán a bhí oscailte don phobal, i 1905. I 1909, ceadaíodh do mhná ról a ghlacadh san eagraíocht le bunú an chéad rannán altranais.

Féach fosta cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. "OrderOfStJohn.org". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2007-10-02. Dáta rochtana: 2007-10-02.

Naisc sheachtracha cuir in eagar