Buamáil mhosc Peshawar, 2023
Ar 30 Eanair 2023, bhí os cionn 60 maraithe agus na céadta gortaithe ag buama i mosc i gcathair Peshawar, in iarthuaisceart na Pacastáine.[1]
| ||||
Cineál | ionsaí féinmharaithe ionsaí buamála | |||
---|---|---|---|---|
Cuid de | insurgency in Khyber Pakhtunkhwa (en) | |||
Dáta na bliana | 30 Eanáir 2023 (13:30. UTC+05:00) | |||
Suíomh | Peshawar, An Phacastáin | |||
Tír | an Phacastáin | |||
Líon básanna | 61 | |||
Líon gortaithe | 170 | |||
Déantóir na coire | Jamaat-ul-Ahrar (en) Pakistani Taliban (en) | |||
Cúlra
cuir in eagarTá Peshawar suite sa chúige Khyber Pakhtunkhwa.[2] Tharla ionsaithe ar mhoscanna sa réigiún seo cheana,sna blianta 2013, 2015, agus 2022, agus eachtraí go leor eile. Cuireadh an milleán go minic ar an Talaban de chuid na Pacastáine.
Imeachtaí
cuir in eagarBhí an mosc i gcompún foirgneamh ina bhfuil ceanncheathrú na bpóilíní réigiúnda, chomh maith le rannóg frithsceimhlitheoireachta, áit 'ardslándála' mar a déarfá.
Póilíní ag paidreacha an mheán lae ab ea formhór na ndaoine a bhí i láthair... agus buamadóir féinmharaithe, aon fhear amháin is cosúil. Thit díon an mhosc anuas sa mhullach orthu. Bhí foirgnimh leagtha de bharr an phléascadh.[1]
Féach freisin
cuir in eagarBuamáil mhosc Peshawar, 2022[3]
Buamáil mhosc Peshawar, 2015[4]
Buamáil mhosc Peshawar, 2013[5]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ 1.0 1.1 Nuacht RTÉ (2023-01-30). "Na scórtha maraithe i mbuama sa bPacastáin" (as ga).
- ↑ "Khyber Pakhtunkhwa" (as en) (2023-01-30). Wikipedia.
- ↑ "2022 Peshawar mosque attack" (as en) (2023-01-30). Wikipedia.
- ↑ "2015 Peshawar mosque attack" (as en) (2021-08-17). Wikipedia.
- ↑ "2013 Peshawar mosque attack" (as en) (2022-03-29). Wikipedia.