Bunscoill Ghaelgagh
Is bunscoil in Balley Keeill Eoin, Oileán Mhanann í an Bunscoill Ghaelgagh (Gaeilge: An Bhunscoil Ghaelach) ina múintear gach ábhar trí mheán na Manainnise. Tá an scoil suite díreach síos an bóthar ó Cronk Keeill Eoin. Freastalaíonn thart ar 70 scoláire ar an scoil.
Sonraí | ||||||||||||||||||||
---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
Cineál | bunscoil | |||||||||||||||||||
Stair | ||||||||||||||||||||
Dáta a bunaíodh | 2001 | |||||||||||||||||||
Suíomh gréasáin | bunscoillghaelgagh.sch.im | |||||||||||||||||||
|
Spreagann an bhunscoil úsáid na teanga sa mbaile trí chuidiú le tuismitheoirí Manainnis a fhoghlaim, agus díolann an bhunscoil dlúthdhioscaí, DVDanna agus leabhair sa teanga, nó faoin teanga. Tá triúr múinteoirí agus beirt chúntóirí teagaisc sa scoil. Is í Julie Matthews an príomhoide faoi láthair. Níl an Bunscoill Ghaelgagh go díreach faoi stiúir Roinn Oideachais Rialtas Vannin; is é an comhlacht príobháideach Mooinjer Veggey atá i gceannas uirthi, agus faigheann Mooinjer Veggey maoiniú agus tacaíocht ón Roinn Oideachais.
Tagairtí
cuir in eagarIs síol faoi Oileán Mhanann é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |