Burnchurch (banna ceoil)

banna ceoil Éireannach
(Athsheolta ó Burnchurch)

Banna ceoil Éireannach é Burnchurch. Craoladh "Ringwalk", píosa ceoil ag cur fáilte abhaile roimh Katie Taylor sa 3Arena i mí Bealtaine na bliana 2023. Is iad féin a chum agus a cheol. Clann lán-Ghaelach iad, a rugadh agus a tógadh sa bhaile fearainn an Teampall Loiscthe Burnchurch i mBéarla i gCill Chainnigh.

Bosca Sonraí EagraíochtaBurnchurch
Sonraí
Cineálbanna ceoil Cuir in eagar ar Wikidata

Bandcamp: burnchurchmusic Spotify: 1wfKbpz8JuZAF1kpnGg7ym Cuir in eagar ar Wikidata

Bhuaigh siad an comórtas "Gaeltacht tí " ar 2FM agus roghnaíodh iad mar cheann de sheoda Chill Chainnigh ar an gclár "Cúltír" ar TG4. Tá ceolchoirmeacha déanta acu ag an bPuball Gaeilge ag Electric Picnic freisin.

D'eisigh Burnchurch EP; ''Maidin'' an teideal atá air, le téama a bhaineann le dóchas agus athbheochan i ndomhan lán le héiginnteacht. Tá meascán ceoltóirí a d'imir tionchair orthu, ach is ceol nuachumtha, úr agus difriúil a chasann siad féin. Sadhbh, Síofra, Éanna agus Ruairí atá sa bhanna.