Katie Taylor
Is dornálaí Éireannach í Katie Taylor, ó Bhré i gContae Chill Mhantáin[1] (a rugadh ar 2 Iúil 1986). Bhuaigh sí bonn óir sna Cluichí Oilimpeacha i Londain sa bhliain 2012 agus bhain sí curadh an domhain amach sa rannóg éadrom-mheácháin na mban don chéad uair sa bhliain 2018. Sa bhliain 2024, d'éirigh sí curadh éadrom-mheáchan trom an domhain gan aon amhras tar éis di bua d'aonghuth a fháil ar Amanda Serrano ina n-athtroid i Texas, rud a d'fhág scór de 24-1-0 aici ina gairm mar dhornálaí gairmiúil go dtí sin.[2]
Katie Taylor sa bhliain 2012 (2012) | ||||||||||||||||||||||||||
Beathaisnéis | ||||||||||||||||||||||||||
---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
Breith | 2 Iúil 1985 39 bliana d'aois Bré, Éire | |||||||||||||||||||||||||
Faisnéis phearsanta | ||||||||||||||||||||||||||
Scoil a d'fhreastail sé/sí | An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath | |||||||||||||||||||||||||
Airde | 165 cm | |||||||||||||||||||||||||
Gníomhaíocht | ||||||||||||||||||||||||||
Gairm | dornálaí, imreoir sacair | |||||||||||||||||||||||||
Tír spóirt | Éire | |||||||||||||||||||||||||
Spórt | dornálaíocht sacar | |||||||||||||||||||||||||
Disciplín spóirt | éadrom-mheáchan | |||||||||||||||||||||||||
Ionad ar an bhfoireann / speisialtacht | Ionsaitheoir | |||||||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||||||||
Ghlac sé/sí páirt i | ||||||||||||||||||||||||||
2012 | boxing at the 2012 Summer Olympics – women's lightweight (en) (bonn óir Oilimpeach) | |||||||||||||||||||||||||
Teaghlach | ||||||||||||||||||||||||||
Athair | Pete Taylor | |||||||||||||||||||||||||
Suíomh gréasáin | katietaylor.ie | |||||||||||||||||||||||||
Gairm
cuir in eagarThosaigh Katie Taylor ag dornálaíocht, agus í 12 bliain d’aois. Ba ag Craobhchomórtas Eorpach na nAmaitéarach 2006, san Iorua, a fuair sí a céad bhua thábhachtach. Bhuaigh sí an bonn óir ag an aicme éadrom-mheáchan 60kg. Níos déanaí sa bhliain sin, ag Craobhchomórtas Dhomhan na nAmaitéarach, i bPodolsk na Rúise, shroich Katie Taylor na babhtaí ceathrú ceannais san aicme 60kg.
Ag Craobhchomórtas Eorpach na n-amaitéarach, in Warszawa na Polainne, bhuaigh Taylor a dara bonn óir i ndiaidh a chéile. Stop sí an curadh domhanda reatha, Tatiana Chalaya as an Rúis. Bronnadh duais don dornálaí is fearr sa craobhchomórtas uirthi freisin.
Ag Craobhchomórtas Dhomhan na n-amaitéarach sa bhliain chéanna, i nDeilí Nua na hIndia, fuair sí an ceann is fearr ar Chalaya arís sa bhabhta leathcheannais agus ar Annabella Farias na hAirgintíne sa chluiche ceannais 60kg. Sa bhliain 2007, bhuaigh sí Teideal Chraobhchomórtas Eorpach na n-amaitéarach don tríú bliain as a chéile.
Lean Katie ar aghaidh chun a dara teideal domhanda a bhuachan ag Craobh Domhanda na mBan sa Dornálaíocht, i Samhain, ag Ningdo sa tSín. Fuair sí an ceann is fearr ar ar Cheng Dong na Síne sa chluiche ceannais.
Ar 21 Márta 2009, ag an O2 i mBaile Átha Cliath, bhuaigh sí 27-3 in aghaidh sheaimpín Phan-Mheiriceánach Caroline Barry óna Stáit Aontaithe, ar fho-chárta Bernard Dunne agus Ricardo Cordoba. Ag labhairt tar éis na troda, dúirt Taylor go ndearna an fáilte a cuireadh roimpi ón lucht leanúna Éireannach staic di. Dúirt sí, “níor chreid mé an fáiltiú a fuair mé!”
Ar 18 Meán Fómhair 2010, ní gan dua a bhuail Taylor a tríú craobh dhomhanda as a chéile ag Craobh Domhanda na mBan i mBarbadós, agus Cheng Dong na Síne arís sa chluiche ceannais.
Bhuaigh Katie bonn óir sna Cluichí Oilimpeacha i 2012.
2016 ar aghaidhː dornálaí gairmiúil
cuir in eagarChuaigh Taylor ina cheann go gairmiúil nuair a bhí sí tríocha bliain d'aois, sa bhliain 2016 (le Matchroom Sport).
Theip uirthi troid a bhuachan don chéad uair le cúig bliana anuas i gcoinne Yana Alekseevna na hAsarbaiseáine ar 15 Aibreán 2016.[3]
I mí Dheireadh Fómhair 2017, bhí an bua ag Katie ar Anahi Esther Sanchez. Throid sí ar son chraobh an domhain i Caerdydd (an phríomhchathair sa Bhreatain Bheag).[4]
Ar 27 Aibreán 2018 i Nua-Eabhrac, bhuaigh sí an Chraobh Dhomhanda san IBF (International Boxing Federation) – agus curadh domhanda sa WBA (World Boxing Association) í cheana féin.
Ar 30 Aibreán 2022, fuair Taylor an ceann is fearr ar a céille comhraic, Amanda Serrano, sa bhabhta dornálaíochta i Madison Square Garden. D'fhág bua na hoíche sin sa Chraobh Éadrom Mheáchan Domhanda gurb í Taylor an curadh domhanda i gcónaí.[5] Léirigh Taylor teacht aniar leis an troid a bhuachan ar phointí agus bean Phuerto Rico a chloí. Bhí moltóir amháin a bhronn an troid ar Serrano, ach thaobhaigh an bheirt eile le Taylor.
Ba í an chéad uair riamh a raibh troid idir beirt bhan ar an bpríomhimeacht sa gcró dornálaíochta iomráiteach sin i Nua-Eabhrac, Madison Square Garden.[5] D’fhéach 1.5 milliún duine ar an troid.[6]
2023
cuir in eagarChaill Taylor in aghaidh an tSasanaigh, Chantelle Cameron, i mí Bealtaine 2023, an chéad uair a tharla sé sin ina saol mar dhornálaí gairmiúil. Roimhe sin, bhí 22 troid as a chéile buaite aici. Bhí ráflaí ag dul thart ag an am go raibh gortú ag cur as di. Ach bhí Cameron thar a bheith diongbháilte san fháinne ag an am céanna.[7]
Chas Taylor arís le Cameron sa 3Arena, BÁC ar 25 Samhain 2023 agus an bua aici. Chaill Cameron na criosanna uilig a bhí aici. Bhí Taylor 37 bliana d’aois ag an am.
2024
cuir in eagarFuair Taylor an ceann is fearr ar a céile comhraic as Puerto Rica, Amanda Serrano, aon uair amháin eile, ar an 15 Samhain 2024. Bhronn na breithiúna scór 95-94 uirthi as an mbabhta i Staid AT&T in Arlington. Ach i ndiaidh na troda chuir Amanda Serrano agus a traenálaí i leith bhean Bhrí Chualann gur úsáid sí a cloigeann le droch ghearradh a fhágáil ar Serrano, rud a chuir srianta uirthi sna babhtaí deireanacha. Shéan Katie Taylor an méid sin i ndiaidh na troda. Bhreathnaigh na milliúin duine ar an troid ar fud an domhain ar chainéal sruthaithe Netflix.[2]
Pearsanta
cuir in eagarMar imreoir sacair, d'imir Taylor le foireann náisiúnta na mban.
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Eleathanach 274, 21 Deireadh Fómhair 2017
- ↑ 2.0 2.1 Nuacht RTÉ (2024-11-16). "An ceann is fearr ag Taylor i gcath fuilteach, conspóideach" (as ga-IE).
- ↑ Nuacht RTÉ (2016-04-15). "Katie Taylor na hÉireann buailte" (as ga).
- ↑ ELeathanach 293, 30 Aibreán 2018
- ↑ 5.0 5.1 Nuacht RTÉ (2022-05-01). "Katie Taylor buacach i 'Madison Square Garden'" (as ga).
- ↑ Maynooth University (Bealtaine 2022). "Eleathanach 411". www.maynoothuniversity.ie. Dáta rochtana: 2022-05-07.
- ↑ "Katie: Níl mé ag cailleadh dhá throid as a chéile" (en). Independent.ie (2023-11-22). Dáta rochtana: 2023-11-28.