Cárta íocaíochta is ea cárta creidmheasa agus é eisithe do dhaoine mar bhealach le híoc as rudaí. Cuireann sé ar chumas sealbhóir an chárta íoc as earraí agus seirbhísí gan ach gealltanas a thabhairt ag am a gceannaithe go n-íocfaidh an sealbhóir am éigin as sin amach.

Bosca Sonraí AirgeadCárta creidmheasa

Cuir in eagar ar Wikidata
Tréithe
Carachtar Unicode💳

Cuireann eisitheoir an chárta cuntas imrothlach ar siúl don sealbhóir agus bronnann sé líne chreidmheasa dó. Bíonn an sealbhóir ábalta tarraingt ar an líne sin chun ceannaí a íoc nó chun airgead a fháil ar airleacan.

Ní hionann cárta creidmheasa agus cárta muirir, a chuireann ar an sealbhóir fuílleach an chuntais a athíoc gach mí. I gcodarsnacht leis sin, ceadaíonn cártaí creidmheasa don sealbhóir fuílleach leanúnach a gcaitheann sé ús a íoc as.

Tá difear, freisin, idir cárta creidmheasa agus cárta airgid sa mhéid go mbíonn an tríú páirtí ann a íocann an díoltóir agus a fhaigheann aisíocaíocht ón gceannaitheoir. I gcás cárta airgid, níl i gceist ach íocaíocht an cheannaitheoir a chur siar, íocaíocht a thugann sé go díreach don díoltóir gan an tríú páirtí a bheith ann.

Bíonn an gnáthchárta creidmheasa 85.60 mm × 53.98 mm (3.370 orlach × 2.125 orlach) i méid chun é a dhéanamh de réir an chaighdeáin ISO/IEC 7810 ID-1.

Stair cuir in eagar

Ar an 10 Meán Fómhair 1963, d'oscail American Express seirbhís cárta creidmheasa i Sasana.

Tagairtí cuir in eagar