Is imeacht sóisialta le ceol tíre Gaelach, amhránaíocht, rince traidisiúnta agus seanchas é céilí. Is eard atá i mbannaí céilí ná grúpa ceoltóirí nó buíonta ceoil ag seinm le chéile chun ceol a chur ar fáil do dhamhsaí. 

Físeán: An damhsa Sir Roger de Coverley. in Alexandria, VA, 2019

Bhí ‘Athbheochan na Gaeilge’ faoi lánseol sna 1890idí nuair a eagraíodh i mBloomsbury, Londain, an chéad oíche de dhamhsa céilí ar an 30 Deireadh Fómhair 1897 ach níor ghlaoigh siad “buíon cheoil” ar an ghrúpa a sheinn ann.

D’eagraigh Frank Lee an chéad ‘bhuíon cheoil’ a sheinn i Londain Lá Fhéile Pádraig sa bhliain 1918.  Le linn na 1920idí mhéadaigh líon na mbuíonta ceoil céilí a bhí ag seinm in Éirinn.  Ghlac an stáisiún raidió 2RN páirt mhór i ndul chun cinn na mbannaí seo i rith na 1920idí, 30idí agus 40idí.

Féach freisin    

cuir in eagar