Cuntas Gaeilge is ea Cín Lae Ó Mealláin (nó Cín Lae Uí Mhealláin) a coinníodh ar imeachtaí an chogaidh in Éirinn ó 1641 go 1647.

WD Bosca Sonraí LeabharCín Lae Ó Mealláin
Cineálsaothar liteartha Cuir in eagar ar Wikidata

Dialann chogaidh atá sa chín lae a thosaíonn ar an 22 Deireadh Fómhair 1641 a thagann chun deiridh go tobann i mí Feabhra 1647. Cuntas lom tuairisciúil atá inti ar an gcogadh i gCúige Uladh agus i gCúige Laighean agus é scríofa ó sheasamh na nUltach. Ón gcaoi a bhfuil sí scríofa ba dhóigh go raibh sé i gceist ag an údar í a líonadh amach agus a athdhréachtú níos deireanaí. Le linn an chogaidh thug an sagart Proinsiasach Brian Mac Giolla Coinnigh treoir do na hoifigigh Chaitliceacha in arm an rí cuntas a choinneáil ar an gcogadh, agus is dóigh gur dá bharr sin a coinníodh an chín lae seo. Síltear go coitianta gurb é séiplíneach an uachtaráin Féilim Ó Néill, an sagart Proinsiasach Toirdheabhlach Ó Mealláin, údar na cín lae.

Tá tábhachtach ar leith leis an gCín Lae mar cháipéis staire. Ní hamháin gur cuntas comhaimseartha ar imeachtaí an chogaidh in Éirinn é, ach cés moite de na dánta a chum Toirdhealbhach Carrach Ó Conchubhair is beag eile a bhaineann leis na himeachtaí sin a mhaireann i nGaeilge.

Is in Ollscoil na hÉireann, Corcaigh atá an bhunscríbhinn anois.

Tagairtí cuir in eagar

  • Annalecta Hibernica III, Coimisiún Láimhscríbhinní na hÉireann, 1931
  • Beathaisnéis 1560-1781, Máire Ní Mhurchú & Diarmuid Breathnach, An Clóchomhar, 2001