Cóilín Sheáin Dharach Seoige
damhsóir sean-nóis as Ros Muc
Damhsóir ar an sean-nós as an gCladach Ó Dheas i Ros Muc ab ea Cóilín Sheáin Dharach Seoige, nó Cóilín Sheáin Dharach mar ab fhearr aithne air.[1] Bhí sé ina chónaí ar an gCladach Ó Dheas ar feadh a shaoil lena dheirfiúr Meaig (a bhí ina damhsóir cumasach freisin) agus lena dheartháir John (amhránaí den chéad scoth). Níor thosaigh Cóilín féin ag damhsa go dtí go raibh tríocha bliain slánaithe aige. Ghlac sé páirt i gComórtas Mháirtín Beag Ó Gríofa a bhí faoi stiúir Pléaráca Chonamara agus Tigh Sé ó 1991, agus bhain sé an chraobh amach faoi dhó, é 78 bliain d'aois an dara huair.[2]
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | Aibreán 1918 Ros Muc, Éire |
Bás | Aibreán 2001 82/83 bliana d'aois |
Áit chónaithe | Ros Muc |
Gníomhaíocht | |
Gairm | damhsóir |
Teaghlach | |
Siblín | John Sheáin Dharach Seoige |
Reáchtáiltear comórtas damhsa sean-nóis gach bliain i Ros Muc i gcuimhne air, Féile Chóilín Sheáin Dharach.[3]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Mac Con Iomaire, Liam (1997). "Conamara: An Tír Aineoil" (in ga). Indreabhán: Cló Iar-Chonnacht. ISBN 1-900693-39-9.
- ↑ "Cérbh é Cóilín?". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2010-06-13. Dáta rochtana: 2024-01-22.
- ↑ "Suíomh Chóilín Seoige". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2010-01-18. Dáta rochtana: 2024-01-22.