Pléaráca Chonamara

scéam ealaíon phobail i gConamara ó 1991 go 2015

Gluaiseacht ealaíona pobail i gConamara Theas agus Oileáin Árann a mhair ó 1991 go 2015 ab ea Pléaráca Chonamara, a raibh oifigí acu i Ros Muc. Thug sé ardán d'ealaíontóirí éagsúla ar fud Chonamara: ceoltóirí, amhránaithe, damhsóirí, agus físealaíontóirí san áireamh.[1] Chuireadh Pléaráca féile deich lá ar siúl gach bliain, agus d'fhoilsigh siad iris bhliantúil chomh maith. Chuir Donncha Ó hÉallaithe, ball den bhunchoiste eagraithe, an chéad eagrán den iris in eagar in 1991.[2].

Bosca Sonraí EagraíochtaPléaráca Chonamara
Sonraí
Cineáleagraíocht ealaíon Cuir in eagar ar Wikidata
Stair
Dáta díscaoilte, díothaithe nó scartáilte2015 Cuir in eagar ar Wikidata
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú

Twitter: Plearaca Cuir in eagar ar Wikidata

In alt a scríobh Donncha Ó hÉallaithe faoi stair Phléaráca ag comóradh fiche bliain a bhunaithe, dúirt sé go raibh bunaitheoirí na heagraíochta spreagtha ag tuairisc “éadóchasach, searbh, agus maslach” a scríobh Breandán Ó hEithir faoi staid na Gaeilge sa Ghaeltacht, agus cheap siad gur cheart rud éigin a dhéanamh chun tuairim Uí Eithir a bhréagnú.[2]. Cuireadh an chéad fhéile ar bun sa bhliain chéanna (1991), i gCamas. Ba é Johnny Chóil Mhaidhc a d'oscail an fhéile ar 6 Meán Fómhair 1991.[3]

D'eagraigh Pléaráca comórtas damhsa sean-nóis i gcuimhne ar Mháirtín Beag Ó Gríofa sa gCistin ar an gCeathrú Rua, ón mbliain 1991 amach.

Ba é Colm Ó Cinnseala ó Choiste na bhForbacha a cheap an t-ainm.[2]

Bhí Meta Uí Mháille an-ghníomhach in obair Phléaráca ó thosaigh sí leis an eagraíocht in 1994.[4]

  1. Seosamh Ó Cuaig (2019-02-13). "Ní ligfear obair Phléaráca Chonamara i ndearmad…". Dáta rochtana: 2024-01-22.
  2. 2.0 2.1 2.2 Donncha Ó hÉallaithe. "Pléaráca Chonamara 1991–2011". Dáta rochtana: 2024-01-22.
  3. "Pléaráca Chonamara — Imeachtaí". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2004-07-04. Dáta rochtana: 2024-01-22.
  4. "Pléaráca Chonamara" (2005-08). Dáta rochtana: 2024-01-22.