Johnny Chóil Mhaidhc Ó Coisdealbha

scríbhneoir, file agus aisteoir Éireannach

File agus drámadóir Éireannach ab ea Johnny Chóil Mhaidhc Ó Coisdealbha (1930–2006). Thugtaí “Rí-Éigeas an Bhéil Bheo” air.[1]

Infotaula de personaJohnny Chóil Mhaidhc Ó Coisdealbha
Beathaisnéis
Breith21 Meitheamh 1929
Indreabhán, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás27 Deireadh Fómhair 2006
77 bliana d'aois
Gníomhaíocht
Gairmteangeolaí, drámadóir, aistritheoir, file, aisteoir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de

Rugadh in Indreabhán i gConamara é. Bhí an phríomhpháirt aige in An Dochtúir Bréige agus bhuaigh sé bonn óir as a chuid aisteoireachta le Taidhbhearc na Gaillimhe. Bhí spéis aige sa drámaíocht, agus thosaigh sé ag scríobh drámaí grinn. Tá an chuid is mó dá dhrámaí, inar ghlac sé an phríomhpháirt de ghnáth, bunaithe ar théamaí traidisiúnta.[2][3]

Leabharliosta cuir in eagar

  • An Tincéara Buí, 1962
  • Ortha na seirce, 1968
  • Pionta Amháin Uisce, 1978
  • Buille Faoi Thuairim Gabha, 1987
  • An cruastóir agus An mhéar fhada, 1995

Tagairtí cuir in eagar

  1. Mac Con Iomaire, Liam (1997). "Conamara: An Tír Aineoil" (in ga). Indreabhán: Cló Iar-Chonnacht. ISBN 1-900693-39-9. 
  2. Seán Ó Coisdealbha”. Irish Theater Institute. Dáta rochtana: 2019-04-23.
  3. Johnny Chóil Mhaidhc”. Dublin City University. Dáta rochtana: 2019-04-23.