Córas Suite Domhanda
Ní mór an t-alt seo a ghlanadh, ionas go mbeidh caighdeán níos fearr ann.
Tar éis duit an t-alt a ghlanadh, is féidir leat an teachtaireacht seo a bhaint de. Féach ar Conas Leathanach a Chur in Eagar agus an Lámhleabhar Stíle le fáil amach faoin dóigh cheart le feabhas a chur ar alt ciclipéide. |
Is éard atá i gceist leis an gCóras Suite Domhanda (CSD) ná córas domhanda loingseoireachta satailítbhunaithe a chuireann eolas iontaofa suímh agus ama ar fáil don úsáideoir i dtaobh gach áit ar dhroim an Domhain nó in aice leis, ar acht is go bhfuil radharc ag ceithre shatailít, nó níos mó, ar an áit atá i gceist. Is é rialtas na Stát Aontaithe a choinníonn an córas seo ag imeacht, ach tá rochtain ag gach duine air a bhfuil glacadóir Córais Shuite Dhomhanda aige. Ba í Roinn Chosanta na Stát Aontaithe a chuir an córas ar bun thiar sa bhliain 1973, agus ar dtús bhí ceithre shatailít fichead ann.
![](http://upload.wikimedia.org/wikipedia/commons/thumb/8/8d/GPS_Satellite_NASA_art-iif.jpg/220px-GPS_Satellite_NASA_art-iif.jpg)
Baintear úsáid fhorleathan as an gCóras Suite Domhanda inniu sa loingseoireacht agus sa léarscáiliú. Tugann sé an t-am cruinn duit freisin, rud atá ríthábhachtach dóibh siúd a bhfuil turgnaimh eolaíochta idir lámhaibh acu. Thairis sin, tá a leithéid de chaitheamh aimsire ann agus geothaiscíocht, agus é bunaithe ar úsáid an Chórais Shuite Dhomhanda.
Úsáid
cuir in eagarAr dtús ba é Arm na Stát Aontaithe amháin a bhí ag baint leasa as an gcóras seo. Inniu, áfach, is féidir leis na sibhialtaigh féin dul i dtuilleamaí an Chórais Shuite Dhomhanda. Seo samplaí den dóigh a n-úsáideann siad an Córas:
- teileafónaíocht cheallach
- fóirithint anachaine, seirbhísí éigeandála, cuardach agus tarrtháil
- rianú na ndaoine, na ngluaisteán is na n-ainmhithe ("geofhálú")
- "geochlibeanna", is é sin, cuirtear clibeanna eolais le grianghrafanna le cuimhne a choinneáil ar an áit ar tógadh iad
- rianú na n-eitleán
- eolas turasóireachta faoi áit ar leith
- mapáil agus léarscáiliú
- loingseoireacht na mbád is na n-eitleán
- suirbhéireacht
- teicteonaic
- geothaiscíocht agus caithimh aimsire eile