Is tír, nó cúige stairiúil i dTuaisceart na hAetóipe,[1] é Tigray (Tigrinya: ትግራይ, təgray), i Réigiún Tigray. Cuimsíonn sé an chuid is mó de na críocha ina labhraítear Tigrinya (Gaeilge:Tigrinis), (agus cúpla grúpa mionlaigh a bhfuil dlúthbhaint acu leo) san Aetóip. Tá Tigray scartha ó na críocha Tigrinya sa tuaisceart ag abhainn na Merebe, atá anois mar theorainn stáit na hEiritré.[2]

Bosca Geografaíocht PholaitiúilTigray

Suíomh
Map
 14°N 39°E / 14°N 39°E / 14; 39
Sonraí stairiúla
Díscaoileadh1995
Lucht Tigrinya

Cultúr cuir in eagar

Tá an Eaglais Cheartchreidmheach an-láidir i Tigray.
cailíní in Ashenda, Adigrat

Is teanga Aetó-Sheimíteach í An Tigrinis a labhraítear go príomha in oirthuaisceart Chorn na hAfraice.[3] Labhraíonn daoine dúchasacha in ardchríocha na hEiritré agus i réigiún Tigray i dtuaisceart na hAetóipe í mar a gcéad teanga.

Tá an Eaglais Cheartchreidmheach an-láidir i Tigray.

Stair cuir in eagar

Tharla Éirí amach Woyane sa bhliain 1943

Mhair Cogadh cathartha na hAetóipe[4] le linn 1974-1991.

Tharla cogadh cathartha eile idir 2020-2022, nó Cógadh Tigray, Fuair 385,000 - 600,000 bás, díreach nó indíreach, de bharr an chogaidh nó de bharr ocrais nó easpa cúraim sláinte[5][6][7][8] ach tá meastacháin níos mó ann.[9]

Geilleagar cuir in eagar

Tá géarchéim feirmeoireachta ann. Agus an t-athrú aeráide faoi lán seoil, tá an ithir sa chuid seo na hAetóipe gainmheach agus ina phúdar.[10] Fágann athrú aeráide cheana féin nach féidir na séasúir a thuar san Aetóip mar a dhéanfaí, rud a fhágann go bhfuil bainistiú uisce agus barra níos crua níos tábhachtaí fós chun cuidiú le feirmeoirí.[11]

Thacaigh Cúnamh Éireann le roinnt tionscadal in Tigray, mar shampla le clinic tréidliachta nua in 2019.[12]

Féach freisin cuir in eagar

Naisc sheactracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Tá easaontas ann faoi ... tír nó cúige
  2. Smidt, Wolbert (2010). "Təgray". In Uhlig, Siegbert (ed.). Encyclopaedia Aethiopica. Vol. O–X. Wiesbaden: Harrassowitz Verlag. pp. 888–895.
  3. "Tigrinya language". Encyclopaedia Britannica.
  4. "Ethiopian Civil War" (as en) (2023-11-01). Wikipedia. 
  5. "New estimate of the Tigray death toll" (en). Martin Plaut (2022-10-19). Dáta rochtana: 2023-11-03.
  6. "Surge of dehumanizing hate speech points to mounting risk of mass atrocities in northern Ethiopia, experts say" (en-CA). The Globe and Mail (2022-10-21). Dáta rochtana: 2023-11-03.
  7. David Volodzko (2022-05-10). "There’s Genocide in Tigray, but Nobody’s Talking About it" (en-US). Dáta rochtana: 2023-11-03.
  8. Dr Ewelina U. Ochab. "Heightened Risk Of Genocide Against Tigrayans In Ethiopia" (en). Forbes. Dáta rochtana: 2023-11-03.
  9. "Casualties of the Tigray War" (as en) (2023-09-11). Wikipedia. 
  10. "Ag Freagairt d’Ocras agus Athrú Aeráide san Aetóip - Department of Foreign Affairs". www.irishaid.ie. Dáta rochtana: 2023-11-03.
  11. irishaid.ie / Cúnamh Éireann (2012). "Ocras a Laghdú, Teacht Aniar a Neartú / Tuarascáil Bhliantúil Chúnamh Éireann 2012". Dáta rochtana: 2023.
  12. Cúnamh Éireann – ourworldirishaidawards.ie (2021). "COMHPHÁIRTÍOCHT AR SON NA SPRIOCANNA / clár cúnaimh Rialtas na hÉireann le haghaidh forbairt thar lear / GRADAIM CHÚNAMH ÉIREANN, ÁR nDOMHAN". Dáta rochtana: 2023.